Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 129 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 129. Saepe expugnaverunt.

1 Is minic a ṫroideadar liom óm óige aníos: féadann Iosrael a rá anois.

2 Is min minic a ċuireadar buaireaṁ orm óm óige aníos: aċ ní ḟuaireadar an láṁ uaċtair orm.

3 Ḃí luċt treafa ag treaḃaḋ mo ḋroma: agus ag gearraḋ iomairí fada.

4 Aċ ġearr an Tiarna fíréanta: dola nandroċḋaoine i mbloġanna.

5 Go ḃfaiġe siad náire agus go gcuirtear ar gcúl iad: a ḃfuil an t‑olc ina gcroí do Ṡíón.

6 Go raiḃ siad mar an ḃféar ar ṁullaí na dtiṫe: a ċríonas sula ḃfása sé aníos.

7 Naċ líonann an buanaí a láṁ leis: ná fear ceangailte na bpunanna a ḃrollaċ.

8 Go naċ n‑abra luċt buailte an ḃealaiġ oiread agus, Bail ó Ḋia ort: guímid an séan ort in Ainm an Tiarna.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan