Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 127 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 127. Nisi Dominus.

1 Mura dtógann an Tiarna an teaċ: téann obair na saor amú.

2 Mura gcuṁdaíonn an Tiarna an ċaṫair: is in aisce a ḟanas an coimeádaí ina ḋúiseaċt.

3 Níl siḃ aċ ag cur ḃur n‑oibre amú dá luas a éiríos siḃ agus dá ṁoille a ṫéas siḃ i luí, ag iṫe aráin na himní: ós aṁlaiḋ a ṫugann sé an codlaḋ don dream is ansa leis.

4 Na leanaí agus toraḋ na broinne: oiḋreaċt agus tíolacaḋ iad a ṫagann ón Tiarna.

5 Mar ṡaiġeada i láiṁ ḟaṫaiġ: is mar sin a ḃíos na leanaí óga.

6 Is aoiḃinn a ḃfuil a ṁála lán díoḃ: ní ḃfaiġiḋ siad náire nuair a ṫéas siad ċun cainte lena naiṁde sa ġeata.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan