Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 126 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 126. In convertendo.

1 Nuair a dʼḟuascail an Tiarna Síón as broid: ba ċosúil sinne le daoine a ḃíos ag brionglóideaḋ.

2 Ba ansin a líonaḋ ár mbéal de ġáire: agus a líonaḋ ár dteanga dʼáṫas.

3 Ba ansin a ḃí sé á rá i measc na bpágánaċ: Rinne an Tiarna niṫe móra ar a son.

4 Is deiṁin go ḃfuil niṫe móra déanta ag an Tiarna dúinn ċeana: rud a ċuireas lúċáir orainn.

5 Fill dár ḃfuascailt as broid, a Ṫiarna: mar na haiḃneaċa sa taoḃ ó ḋeas.

6 An dream a ċuireas an síol faoi ḋeora: is áṫasaċ a ḃainfeas siad an fóṁar.

7 An té atá ag siúl roiṁe agus é ag caoineaḋ, ag iompar dea‑ṡíl: fillfiḋ sé gan aṁras faoi áṫas faoina ualaċ punanna.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan