Psailm 125 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 125. Qui confidunt. 1 An drong a ċuireas a muinín sa Tiarna, beiḋ siad mar ṡliaḃ Ṡíóin: naċ féidir a ċorraí, aċ a ḃíos ina ṡeasaṁ daingean go deo. 2 Bíonn na cnoic ina seasaṁ timpeall Iarúsalem: is ar an nós ċéanna a ḃíos an Tiarna ina ṡeasaṁ timpeall a ṗobail, anois agus go bráċ. 3 Óir ní ḟanfaiḋ fearann an ḟíréin faoi ṡlait an ḟir oilc: ar eagla go gcuirfeaḋ na fíréin a láṁa in urċóid. 4 Déan maiṫ, a Ṫiarna: do na deaḋaoine agus do ḋrong an ċroí ḟír. 5 Aċ an dream a ḟilleas faoi ḋéin a n‑oilc féin: beiḋ an Tiarna á dtiomáint amaċ i gcuideaċta luċt na míġníoṁarṫa; aċ beiḋ an tsíoċáin ar Iosrael. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland