Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 124 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 124. Nisi quia Dominus.

1 Murab é go raiḃ an Tiarna é féin ar ár dtaoḃ, féadann Iosrael a rá anois: murab é go raiḃ an Tiarna ar ár dtaoḃ, nuair a dʼéiriġ na daoine inár n‑aġaiḋ;

2 Ḃíomar slogṫa beo ina gcraos: le méid a ḃfíoċa agus a ḃfeirge linn.

3 Báḋ sinn gan aṁras sna huiscí: ċuaiġ an sruṫ ṫar ár n‑anam.

4 Ċuaiġ uiscí doṁaine luċt an díomais: ṫarainn go fiú ár n‑anama.

5 Aċ molaḋ leis an Tiarna: nár lig leo sinn mar ċreaċ dá ḃfiacla.

6 Ṫáinig ár n‑anam slán mar ṫagann an t‑éan as dol an ḟiagaí: bristear an dol, agus táimid fuascailte.

7 Is é Ainm an Tiarna ár gcúnaṁ: Ainm an Té a rinne neaṁ agus talaṁ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan