Psailm 123 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 123. Ad te levavi oculos meos. 1 Is ċugat ardaím mo ṡúile: ċugatsa atá i do ċónaí sna neaṁa. 2 Féaċ, mar ḃíos súile na seirḃíseaċ ar láiṁ a máistir, agus súile an ċailín ar láiṁ a máistreása: is aṁlaiḋ bíonn ár súile ag feiṫeaṁ lenár dTiarna Dia, go dtí go ndéana sé trócaire orainn. 3 Déan trócaire orainn, a Ṫiarna, déan trócaire orainn: ó táimid faoi ḋíṁeas ar fad. 4 Tá a ṡáiṫ ag ár n‑anam de aċasán ṫarcaisniúil luċt an tsaiḃris: agus de ḋíṁeas drong an díomais. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland