Psailm 122 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 122. Laetatus sum. 1 Ḃí lúċáir orm nuair a dúraḋ liom: Raċaimid go teaċ an Tiarna. 2 Is i do ġeataí a ḃeiḋ ár gcosa ina seasaṁ: a Iarúsalem. 3 Is ar Iarúsalem atá déanaṁ na caṫraċ: ina mbítear ag cur le ċéile. 4 Óir is ċuici a ṫéann na treiḃeanna, mar tá, treiḃeanna an Tiarna: go dtuga siad fianaise dʼIosrael, go dtuga siad buíoċas dʼAinm an Tiarna. 5 Óir is inti a ḃíos caṫaoir an ḃreiṫiúnais: is é sin, ríċaṫaoir ṫeaġlaiġ Ḋáiḃí. 6 Déan guí ar son síoċána Iarúsalem: beiḋ an séan ar an dream a ṫug grá duit. 7 Go raiḃ an tsíoċáin faoi do ṁúrṫa: agus an ḟlúirse faoi do ḋúinte. 8 Ar son mo ḃráiṫre agus mo ċompánaċ: beiḋ mé ag guí an tséin duit. 9 As uċt tí an Tiarna ár nDia: beiḋ mé ag iarraiḋ do leasa. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland