Psailm 121 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 121. Levavi oculos. 1 Ardóiḋ mé mo ṡúile ċun na gcnoc: cé as a dtagann mo ċaḃair? 2 Is ón Tiarna féin a ṫagann mo ċaḃair: ón té a rinne neaṁ is talaṁ. 3 Ní ligfiḋ mé do do ċois corraí: ní ċodlóiḋ an té a ḃíos do do ċuṁdaċ. 4 Féaċ, an té a ḃíos ag cuṁdaċ Iosrael: ní ḋéanfaiḋ sé codlaḋ ná suan. 5 Is é an Tiarna féin é fear do ċoimirce: is é an Tiarna cosaint do láiṁe deise; 6 Ionas naċ mbeiḋ an ġrian do do loscaḋ sa lá: ná an ġealaċ san oíċe. 7 Beiḋ an Tiarna do dó ṡaoraḋ ó gaċ olc: is deiṁin go mbeiḋ sé féin ag cosaint dʼanama. 8 Beiḋ an Tiarna do do ṡlánú ag imeaċt nó ag teaċt duit: feasta agus go bráċ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland