Psailm 120 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 120. Ad Dominum. 1 Sa ḃuaireaṁ dom ġlaoiġ mé ar an Tiarna: agus ṫug sé cluas dom. 2 Fuascail mʼanam, a Ṫiarna, ó ḃéala bréagaċa: agus ó ṫeanga ṁealltaċ. 3 Cad é an díoltas a ṫaḃarfar duit nó a imreofar ort, a ṫeanga ḃréagaċ: saiġeada géara gáifeaċa, agus aiḃleoga dearga dóite. 4 Is mairg go ḃfuil orm maireaċtáil le muintir Ṁeseċ: agus cónaí i measc puball Clainne Ċédar. 5 Is fada mʼanam ag áitriú ina measc: an dream ḃíos ina naiṁde don tsíoċáin. 6 Bím ag saoṫrú na síoċána, aċ nuair a ḃím á lua leo: bíonn siadsan ag déanaṁ réiḋ ċun caṫa. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland