Tituis 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Cuir i gcuiṁin dóiḃ ḃeiṫ uṁal do riaġlóiriḃ agus do luċt uġdaráis, ḃeiṫ urramaċ, ḃeiṫ ullaṁ ċum gaċ deaġ‐ġnó, 2 gan olc do laḃairt i dtaoḃ aon duine, gan ḃeiṫ bruiġeanaċ, ḃeiṫ ceannsa, ag taisbeáint gaċ macántaċta do gaċ uile ḋuine. 3 Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile. 4 Aċt nuair do noċtaḋ maiṫeas agus gráḋ Dé ár Slánuiġṫeoir do’n duine, 5 ní h‐é do réir gníoṁarṫa fíréanta do ḃí déanta againn, aċt do réir a ṫrócaire féin, do ṡlánuiġ sé sinn, tré ḃaisteaḋ na h‐aiṫ‐ġeineaṁna agus tré aṫnuaḋaḋ an Spioraid Naoiṁ; 6 do ḋoirt sé go fial orainn, tré Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir: 7 ionnas, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ġrása, go ndéanfaiḋe oiḋrí ḋínn do réir dóċais na beaṫaḋ síorraiḋe. 8 Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ: 9 aċt seaċain baoiṫ‐ċeisteanna, agus geinealaiġ, agus aiġneas, agus conspóidí i dtaoḃ an dliġe; óir atáid gan tairḃe, gan éifeaċt. 10 Duine ḟanas ’n‐a eiriceaċ tar éis an ċéad agus an dara spreagṫa, seaċain é; 11 agus a ḟios agat go ndeaċaiḋ a leiṫéid sin ar gcúl, agus gur ab eol dó féin go ḃfuil peacaḋ d’á ḋéanaṁ aige. 12 Nuair ċuirfead Artemas ċugat, nó Tiċicus, déan do ḋíċeall ċum teaċt ċugam go Nicopolis; óir is ann atá ceapṫa agam an geiṁreaḋ do ċur ṫarm. 13 Seol Sénas, dliġeadóir, agus Apollos go h‐aireaċ ar a n‐aistear rómpa, ċum naċ mbéiḋ rud ar biṫ i n‐easnaṁ orṫa. 14 Agus ní foláir d’ár muinntir féin a ḟoġlaim cionnas deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ, ċum gaċ niḋ atá riaċtanaċ do ṡoláṫar, ċum naċ mbéiḋ siad gan toraḋ. 15 Beannuiġeann a ḃfuil im’ ḟoċair duit. Beannuiġ‐se d’á ḃfuil gráḋ aca ḋúinn san gcreideaṁ. Grása go raiḃ liḃ go léir. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society