Tituis 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Aċt laḃair‐se na neiṫe oireas do’n teagasc fóġanta: 2 is é sin go mba ceart do na daoiniḃ aosta ḃeiṫ staidéarṫa, moḋaṁail, stuamḋa, slán san gcreideaṁ, san ngráḋ, san ḃfoiḋne: 3 go mba ceart do na mnáiḃ aosta, leis, ḃeiṫ urramaċ ’n‐a n‐iomċar, gan ḃeiṫ bíodánaċ, gan an‐dúil ḃeiṫ aca san ḃfíon, ḃeiṫ ag taḃairt teagaisc ṁaiṫ; 4 ċum go múinfiḋ siad do na mnáiḃ óga gráḋ do ṫaḃairt d’á ḃfearaiḃ agus d’á gclainn, 5 ḃeiṫ stuamḋa, geanmaiḋe, go díċeallaċ i ngnóṫaiḃ an tiġe, ḃeiṫ cáirdeaṁail, uṁal d’á ḃfearaiḃ féin, ċum naċ maslóċar briaṫar Dé. 6 Spreag na fir óga, mar an gcéadna, ċum ḃeiṫ staidéarṫa: 7 dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air; 8 ar ṁoḋ go gcuirfear náire ar an trasnálaiḋe, gan droċ‐ḟocal ḃeiṫ fágṫa aige le ráḋ ’n‐ár dtaoḃ. 9 Spreag na seirḃísiġ ċum ḃeiṫ uṁal d’á máiġistriḃ féin, agus ċum a dtoil do ḋéanaṁ san uile niḋ; 10 gan ḃeiṫ ag ais‐ḟreagairt; gan ḃeiṫ ag mionġadaiḋeaċt, aċt an uile ḋílse do ṫaisbeáint; ċum onóir ins gaċ éinniḋ do ṫaḃairt do ḃriaṫar Ḋé, ár Slánuiġṫeoir. 11 Óir do foillsiġeaḋ grása Dé, ag slánú an uile ḋuine, 12 g‐á ṁúineaḋ ḋúinn neaṁḋiaḋaċt agus ainṁianta saoġalta do ṡeaċaint, agus ár saoġal do ċaiṫeaṁ go staidéarṫa, fíréanta, diaḋa san ré seo atá de láṫair; 13 ag fanaṁain le dóċas beannuiġṫe agus le taisbeánaḋ glóire an Dé ṁóir agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost; 14 ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. 15 Innis na neiṫe seo ḋóiḃ agus aiṫḃear le gaċ uġdarás. Ná leig d’aoinneaċ beag‐is‐fiú do ḋéanaṁ ḋíot. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society