Tituis 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Pól, seirḃíseaċ Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidiṁ muinntire toġṫa Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir cráḃaiḃ, 2 i ndóċas na beaṫaḋ síorraiḋe, do ġeall Dia, naċ ḃféadann bréag do ḋéanaṁ, ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin; 3 aċt d’ḟoillsiġ a ḃriaṫar san am oireaṁnaċ tríd an seanmóireaċt do cuireaḋ mar ċuspóir orm‐sa, do réir aiṫne Dé ár Slánuiġṫeoir; 4 ċum Títuis, fíor‐ṁac liom ’n‐ár gcóiṁ‐ċreideaṁ: Grása agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir. 5 Is é seo an fáṫ gur ḟágas san Ċréit ṫu, ċum go gcuirfeá i dtreo na neiṫe do ḃí gan déanaṁ, agus ċum seanóirí d’órdú ins gaċ caṫair; fá mar d’órduiġeas duit: 6 fear ar biṫ atá gan loċt, pósta le mnaoi aṁáin, go ḃfuil clann ċreideas aige, naċ ḃfuil droċ‐nósa ná míriaġaltaċt d’á gcur ’n‐a leiṫ. 7 Óir ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, mar ba ċóir do ṁaor Dé; gan ḃeiṫ ceanndána, gan ḃeiṫ feargaċ, gan ḃeiṫ tugṫa do’n ól, gan ḃeiṫ buailteaċ, ná sanntaċ i n‐airgead neaṁ‐ġlan; 8 aċt ḃeiṫ fáilteaċ, ’n‐a ċaraid do’n ṁaiṫ, ḃeiṫ ’n‐a ḋuine staidéarṫa, ionnraic, naoṁṫa, cneasta; 9 ag greamú de’n ḃriaṫar fírinneaċ atá do réir an teagaisc, ċum go mbéiḋ ar ċumas dó na daoine do ġríosaḋ do réir an teagaisc ḟolláin, agus iad‐san ċuireas ’n‐a aġaiḋ do ḃréagnú. 10 Óir is iomḋa duine míriaġalta atá ann, luċt baoṫ‐ġlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timċeall‐ġearrṫa go h‐áiriṫe, 11 go gcaiṫfear a mbéal do ḋúnaḋ; daoine ċuireas teaġlaiġ iomlána bun os cionn, ag múineaḋ neiṫe naċ cóir ar son airgid neaṁ‐ġlain. 12 Aduḃairt duine d’á gcuid féin, fáiḋ leo féin, Is bréagairí na Créitiġ i gcóṁnaiḋe, droċ‐ainṁiḋṫe, craosairí díoṁaoine. 13 Fiaḋnaise ḟíor is eaḋ í seo. D’á ḃriġ sin aiṫḃear go géar iad, ċum go mbéiḋ creideaṁ folláin aca, 14 gan ḃeiṫ ag taḃairt aire d’ḟaḃlaiḃ Iúdaċa agus d’aiṫeantaiḃ daoine ḃeireas a gcúl leis an ḃfírinne. 15 Is glan gaċ niḋ do’n dream atá glan: aċt ní glan éinniḋ do’n dream neaṁ‐ġlan, díċreidṁeaċ; aċt atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truailliġṫe. 16 Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society