Taisbeunaḋ 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus i láiṁ ḋeis an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir do ċonnacas leaḃar go raiḃ scríḃinn san taoḃ istiġ agus ar an taoḃ amuiġ ḋe, agus é dúnta fá ṡeaċt séalaiḃ. 2 Agus do ċonnacas aingeal tréan‐láidir g‐á ḟógairt de ġuṫ árd, Cia h‐é gur fiú é an leaḃar d’ḟoscailt agus a ṡéalaí do scaoileaḋ? 3 Agus ní raiḃ ar ċumas d’aoinneaċ ar neaṁ ná ar talaṁ an leaḃar d’ḟoscailt ná a ṡéalaí do scaoileaḋ. 4 Agus do ċromas‐sa ar gol go mór toisc gan aoinneaċ gurḃ ḟiú é an leaḃar d’ḟoscailt ḃeiṫ le fáġáil, ná fiú dearcaḋ air. 5 Agus duḃairt duine de na seanóiriḃ liom, Ná bí ag gol: féaċ, an Leoṁan de ṫreiḃ Iúda, de Ḟréiṁ Ḋáiḃí, atá sé de ḃuaiḋ aige‐sean an leaḃar d’ḟoscailt, agus a ṡeaċt séalaí do scaoileaḋ. 6 Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad, 7 do cuireaḋ amaċ ar fud an doṁain uile. Agus ṫáinig sé, agus do ġlac sé an leaḃar as láiṁ ḋeis an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir. 8 Agus nuair do ġlác sé an leaḃar, do ṫuit na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe agus an ceaṫrar seanóir agus fiċe síos os cóṁair an Uain, cruit ag gaċ duine aca, agus soiṫiġ óir lán de ṫúis aca, gur ab iad urnaiġṫe na naoṁ iad. 9 Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ, 10 agus go ndearnais ríoġaċt agus sagairt le h‐aġaiḋ ár nDé ḋíoḃ; agus riaġlóċaiḋ siad ar talaṁ. 11 Agus do ḋearcas, agus ċualas glór a láin aingeal i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ agus i dtimċeall na n‐ainṁiḋe agus na seanóir, agus ba é a líon deiċ míle fó ḋeiċ míle agus na mílte de ṁíltiḃ; 12 g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Is fiú an tUan atá íoḋbarṫa an ċuṁaċt, agus an saiḋḃreas, agus an eagnaiḋeaċt, agus an neart, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an molaḋ d’ḟáġáil. 13 Agus gaċ niḋ dár cruṫuiġeaḋ ar neaṁ, nó ar talaṁ, agus fá’n talaṁ, agus san ḃfairrge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, do ċualas iad g‐á ráḋ, An molaḋ, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an ċuṁaċt, go raiḃ ag an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus ag an Uan go saoġal na saoġal. 14 Agus aduḃairt na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe, Amen. Agus do ṫuit na seanóirí síos agus do rinneadar aḋraḋ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society