Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.

2 Agus i lár na sráide, ar gaċ taoḃ de’n aḃainn, do ḃí crann na beaṫaḋ, do‐ḃeireaḋ ḋá ṫoraḋ déag, ag taḃairt a ṫorṫa uaiḋ uair san mí: agus d’ḟóġain duilleaḃar an ċrainn ċum na ciniḋeaċa do leiġeas.

3 Agus ní ḃéiḋ éinniḋ malluiġṫe ann feasta: aċt béiḋ riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain san gcaṫair: agus déanfaiḋ a ṡeirḃísiġ seirḃís dó;

4 agus ċífiḋ siad a ġnúis; agus béiḋ a ainm ar ċláraiḃ a n‐éadain.

5 Agus ní ḃéiḋ aon oiḋċe ann arís; agus ní ḃéiḋ gáḃaḋ le solas lóċrainn, ná le solas na gréine; óir do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia solas dóiḃ: agus béiḋ siad ag riaġlú go saoġal na saoġal.

6 Agus aduḃairt sé liom, Atá na briaṫra so ionnraic, fírinneaċ; an Tiġearna, Dia spiorad na ḃfáiḋ, do ċuir sé a aingeal uaiḋ ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ do noċtaḋ d’á ṡeirḃíseaċaiḃ.

7 Agus féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ. Is aoiḃinn do’n té ċoiṁeádas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo.

8 Agus is mise Eoin do ċuala agus do ċonnaic na neiṫe seo. Agus nuair ċualas agus ċonnacas, do ṫuiteas síos ag aḋraḋ roiṁ ċosaiḃ an aingil do ṫaisbeáin na neiṫe seo ḋom.

9 Agus aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ, ná fáiḋe, agus leis an dream ċoiṁeádas briaṫra an leaḃair seo; déan aḋraḋ do Ḋia.

10 Agus aduḃairt sé liom, Ná cuir séala ar ḃriaṫraiḃ tarngaireaċta an leaḃair seo; óir atá an t‐am i ḃfogas.

11 An té do‐ġní an éagcóir, déanaḋ sé an éagcóir i gcóṁnaiḋe: an té atá neaṁ‐ġlan, fanaḋ sé neaṁ‐ġlan i gcóṁnaiḋe: agus an té atá fíréanta agus an té atá naoṁṫa, déantar é naoṁṫa i gcóṁnaiḋe.

12 Féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ; agus atá mo luaċ saoṫair liom ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ le gaċ duine do réir a ndearna sé.

13 Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an príoṁṫús agus an foirceann, an tosaċ agus an deireaḋ.

14 Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.

15 Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.

16 Atá m’aingeal curṫa agam‐sa, Íosa, ċum na neiṫe seo do ḋearḃú ḋaoiḃ ins na h‐eaglaisiḃ. Is mise fréaṁ agus slioċt Dáiḃí, réalta ġlé‐ġeal na maidne.

17 Agus adeir an Spiorad agus an ḃean óg nua‐ṗósta, Tar. Agus an té éisteas, abraḋ sé, Tar. Agus an té go ḃfuil tart air, tagaḋ sé: an té gur ab áil leis é, glacaḋ sé uisce na beaṫaḋ i n‐aisce.

18 Fógraim do’n uile ḋuine ċluineas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo, Má ċuireann aoinneaċ tuilleaḋ leo, go gcuirfiḋ Dia air‐sean na pláiġeanna atá scríoḃṫa san leaḃar so:

19 agus má ḃaineann aoinneaċ éinniḋ de ḃriaṫraiḃ tarngaireaċta an leaḃair seo, go mbainfiḋ Dia ḋe a ċuid de ċrann na beaṫaḋ, agus de’n naoṁ‐ċaṫair, an méid atá scríoḃṫa san leaḃar so.

20 An té atá ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar na neiṫiḃ seo, adeir sé, Is aṁlaiḋ atá: atáim ag teaċt go luaṫ. Amen: tar, a Ṫiġearna Íosa.

21 Go raiḃ grása an Tiġearna Íosa leis na naoṁaiḃ uile. Amen.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan