Taisbeunaḋ 20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do ċonnacas aingeal ag teaċt anuas ó neaṁ, agus eoċair an duiḃeagáin agus slaḃraḋ mór ’n‐a láiṁ aige. 2 Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐naṫair niṁe, gur ab é an Diaḃal agus Sátan é, agus do ċeangail sé míle bliaḋain é, 3 agus do ṫeilg sé isteaċ san duiḃeagán é, agus do ḋún sé é, agus ċuir sé seala air ionnas naċ meallfaḋ sé na ciniḋeaċa a ṫuilleaḋ, nó go raiḃ deireaḋ leis an míle bliaḋain. ’N‐a ḋiaiḋ sin ní foláir a scaoileaḋ ar feaḋ tamaill ḃig. 4 Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain. 5 Aċt ní ṫáinig an ċuid eile de na marḃaiḃ ’n‐a mbeaṫaiḋ nó go raiḃ an míle bliaḋain istiġ. Is í seo an ċéad aiséirġe. 6 Is beannuiġṫe, naoṁṫa iad‐san go ḃfuil páirt aca san gcéad aiséirġe: ní ḟuil cuṁaċt ar biṫ ag an dara bás orṫa; aċt béiḋ siad ’n‐a sagartaiḃ do Ḋia agus do Ċríost, agus riaġlóċaiḋ siad i n‐éinḟeaċt leis ar feaḋ míle bliaḋan. 7 Agus nuair ḃéas deireaḋ leis an míle bliaḋain, scaoilfear Sátan as a ṗríosún, 8 agus tiocfaiḋ sé amaċ ċum na gciniḋeaċ atá i gceiṫre h‐áirdiḃ an doṁain, Góg agus Magóg, do ṁeallaḋ agus do ċruinniú le ċéile ċum cogaiḋ. Ní lia gaineaṁ na fairrge ’ná iad, 9 agus do ċuadar suas tar leiṫead na talṁan, agus d’iomṡuiḋeadar campa na naoṁ agus an ċaṫair ionṁain: agus ṫáinig teine anuas ó neaṁ, agus do ṡloig sí iad. 10 Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal. 11 Agus do ċonnacas riġ‐ċaṫaoir ṁór, ġeal, agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe innti, gur ṫeiċ an talaṁ agus neaṁ ó n‐a ġnúis; agus ní raiḃ áit le fáġáil dóiḃ. 12 Agus do ċonnacas na mairḃ, idir ḃeag agus ṁór, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ; agus do fosclaḋ na leaḃair: agus do fosclaḋ leaḃar eile, is é leaḃar na beaṫaḋ é: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar na marḃaiḃ as a raiḃ scríoḃṫa ins na leaḃraiḃ, do réir a ngníoṁarṫa. 13 Agus ṫug an ḟairrge uaiṫi na mairḃ do ḃí innti; agus ṫug an bás agus Hádes uaṫa na mairḃ do ḃí ionnta: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar gaċ aon duine aca do réir a ġníoṁarṫa. 14 Agus do teilgeaḋ an bás agus Hádes amaċ i loċ na teineaḋ. Is é seo an dara bás. 15 Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society