Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i nÉiféis; Is é adeir an té ċongḃuiġeas na seaċt réaltana ’n‐a láiṁ ḋeis, an té ṡiuḃlas i lár na seaċt gcoinnleoir óir:

2 Is eol dom t’oibreaċa, agus do ṡaoṫar, agus t’ḟoiġid, agus is eol dom naċ féidir leat droċ‐ḋaoine d’ḟulang, agus gur ḟroṁais an dream ġlaoḋas abstail orṫa féin, agus naċ eaḋ, agus go ḃfuarais bréagaċ iad:

3 agus go ḃfuil foiġid agat agus gur ḟulaingis ar son m’ainme, agus nár éiriġis tuirseaċ.

4 Aċt atá an méid seo it’ aġaiḋ agam, gur ṫréigis do ċéad‐ġráḋ.

5 Ċuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar an áirde ó n‐ar ṫuitis, agus déan aiṫriġe, agus déan do ċéad‐oibreaċa; nó tiocfad‐sa ċugat, agus aistreoċad do ċoinnleoir as a ionad, muna ndéanaiḋ tú aiṫriġe.

6 Aċt atá an méid seo agat, go ḃfuil gráin agat ar oibreaċaiḃ na Niocaláiteaċ, ar a ḃfuil gráin agam‐sa, mar an gcéadna.

7 An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san toraḋ le n’iṫe de ċrann na beaṫaḋ atá i bpárrṫas Dé.

8 Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Smiorna; Is é adeir an tosaċ agus an deireaḋ, do ḃí marḃ, agus atá beo:

9 Is eol dom t’anró, agus do ḃoċtaine (aċt atáir saiḋḃir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaiġ iad, agus naċ eaḋ, aċt gur sionagóg Ṡátain iad.

10 Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.

11 An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, ní ḃfaiġiḋ sé doċar ó’n dara bás.

12 Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i bPergamum; Is é adeir an té go ḃfuil an claiḋeaṁ géar ḋá‐ḟaoḃar aige:

13 Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe.

14 Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ.

15 Atá agat‐sa, leis, cuid díoḃ‐san leanas de ṫeagasc na Niocaláiteaċ.

16 Déan aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, nó tiocfad‐sa ċugat go luaṫ, agus troidfead ’n‐a h‐aġaiḋ le claiḋeaṁ mo ḃéil.

17 An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san cuid de’n ṁanna foluiġṫe, agus do‐ḃéarfad ḋó cloċ ġeal, agus ainm nua scríoḃṫa ar an gcloiċ, naċ ḃfuil eolas air ag aoinneaċ, aċt ag an té ġeiḃeas í.

18 Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i dTuatíra; Is é adeir Mac Dé, an té go ḃfuil súile mar lasair teineaḋ aige, agus go ḃfuil a ċosa cosṁail le h‐uṁa geal‐ruiṫneaċ:

19 Is eol dom t’oibreaċa, agus do ġráḋ, agus do ċreideaṁ, agus do ṡeirḃís, agus t’ḟoiġid, agus gur mó t’oibreaċa deiriḋ ’ná do ċéad oibreaċa.

20 Aċt atá an méid seo agam it’ aġaiḋ, go ḃfulaingeann tú an ḃean Iesebel, adeir gur ban‐ḟáiḋ í féin; agus múineann agus mealann sí mo ṡeirḃísiġ ċum striapaċas do ċleaċtaḋ, agus ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe.

21 Agus ṫugas uain di ċum aiṫriġe do ḋéanaṁ; agus ní mian léi aiṫriġe do ḋéanaṁ ’n‐a striapaċas.

22 Féaċ, caiṫfead isteaċ i leabaiḋ í, agus cráḋfad le doġrainn ṁóir an dream ċleaċtas aḋaltrannas léi muna ndéanaiḋ siad aiṫriġe ’n‐a h‐oibreaċaiḃ.

23 Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.

24 Aċt deirim‐se liḃ‐se, leis an gcuid eile de ṁuinntir Ṫuatíra naċ ḃfuil an teagasc so aca, agus naċ eol dóiḃ neiṫe doiṁne Ṡátain, mar ġlaoḋann siad orṫa; Ní ċuirim aon ualaċ eile oraiḃ.

25 Aċt ċeana, congḃuiġiḋ greim ar a ḃfuil agaiḃ, nó go dtagad.

26 Agus an té ḃeireas buaiḋ, agus ċoiṁeádas m’oibreaċa go deireaḋ, do‐ḃéarfad dó‐san uġdarás os cionn na náisiún,

27 agus déanfaiḋ sé aoḋaireaċt orṫa le slait iarainn, mar bristear soiṫiġ criadóra ’n‐a mbroscar; do réir na cuṁaċta fuaras ó’n Aṫair:

28 agus do‐ḃéarfad dó réalta na maidne.

29 An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan