Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe aca, agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit breiṫeaṁnas na méirdriġe móire atá suiḋte ar uisciḃ iomḋa.

2 Do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus do cuireaḋ luċt áitreaḃa na talṁan ar meisce le fíon a drúise.

3 Agus rug sé leis mé san Spiorad isteaċ i ḃfásaċ, agus do ċonnacas bean ’n‐a suiḋe ar ainṁiḋe do ḃí ar ḋaṫ corcra, é lán d’ainmneaċaiḃ dia‐ṁaslaiḋ, agus seaċt gcinn agus deiċ n‐aḋarca aige.

4 Agus do ḃí an ḃean clúduiġṫe fá éadaiġiḃ caoir‐ḋearga agus corcra, agus do ḃí sí maisiġṫe le h‐ór agus le cloċaiḃ luaċṁara agus le péarlaiḃ, agus do ḃí cupán óir ’n‐a láiṁ aici, agus é lán de ḋeistean agus de ḃréantas a drúise,

5 agus do ḃí ainm scríoḃṫa ar ċlár a h‐éadain, Rúindiaṁair, An Ḃaibiolón Ṁór, Máṫair Méirdreaċ agus Déistin na Talṁan.

6 Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.

7 Agus aduḃairt an t‐aingeal liom, Cad ċuige an t‐iongnaḋ sin ort? Míneoċad‐sa ḋuit rúindiaṁair na mná agus an ainṁiḋe iomċaras í, go ḃfuil na seaċt gcinn agus na deiċ n‐aḋarca aige.

8 An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.

9 Annso atá riaċtanas le h‐aigne ṫuigseanaiġ. Na seaċt gcinn úd do ċonnacais, ar a ḃfuil an ḃean ’n‐a suiḋe, seaċt gcnuic is eaḋ iad:

10 agus is seaċt riġṫe iad, leis; atá cúig cinn díoḃ tuitṫe ar lár, atá ceann aṁáin díoḃ beo, ní ḟuil an ceann eile tagṫa fós; agus nuair ṫiocfas sé, caiṫfiḋ sé fanaṁain tamall beag.

11 Agus an t‐ainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ ḃfuil ann, is é an t‐oċtṁaḋ ceann é, agus baineann sé leis na seaċt gceannaiḃ eile; agus atá sé ar an sliġe ċum léirscriosta.

12 Agus na deiċ n‐aḋarca do ċonnacais, is deiċ riġṫe iad naċ ḃfuair ríoġaċt fós; aċt go‐ġeiḃ siad cuṁaċt mar riġṫe, ar feaḋ uaire, i n‐éinḟeaċt leis an ainṁiḋe.

13 Atá siad so ar aon ċoṁairle, agus do‐ḃeir siad a neart agus a gcuṁaċt do’n ainṁiḋe.

14 Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis.

15 Agus aduḃairt sé liom, Na h‐uiscí úd do ċonnacais, mar a ḃfuil an ṁéirdeaċ ’n‐a suiḋe, is poibleaċa, agus sluaiġte, agus ciniḋeaċa, agus teangṫaċa iad.

16 Agus na deiċ n‐aḋarca do ċonnacais, agus an t‐ainṁiḋe, ḃéarfaiḋ siad fuaṫ do’n ṁéirdriġ, agus fágfaiḋ siad tréigṫe, lomnoċt í, agus íosaiḋ siad a feoil, agus dóiġfiḋ siad le teiniḋ í.

17 Óir do ċuir Dia ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ a ṫoil do ḋéanaṁ, agus a ḃeiṫ ar aon ċóṁairle, agus a ríoġaċt do ṫaḃairt do’n ainṁiḋe, nó go gcóiṁlíontar briaṫra Dé.

18 Agus an ḃean do ċonnacais, ís í an ċaṫair ṁór í, go ḃfuil réimeas aici ar riġṫiḃ an doṁain.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan