Taisbeunaḋ 16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do ċualas árd‐ġlór ó’n teampall, g‐á ráḋ leis na seaċt n‐aingliḃ, Imṫiġiḋ róṁaiḃ, agus doirtiḋ amaċ seaċt soiṫiġe ḋíḃeirge Dé ar an talaṁ. 2 Agus d’imṫiġ an ċéad aingeal, agus do ḋoirt sé a ṡoiṫeaċ amaċ ar an talaṁ; agus d’éiriġ neascóid niṁneaċ, ġoiṁeaċ ar na daoiniḃ go raiḃ marc an ainṁiḋe orṫa, agus do rinne aḋraḋ d’á íoṁáiġ. 3 Agus do ḋoirt an dara h‐aingeal a ṡoiṫeaċ isteaċ san ḃfairrge; agus do rinne sé fuil mar ḟuil duine ṁairḃ di; agus d’éag gaċ rud beo, gaċ a raiḃ san ḃfairrge. 4 Agus do ḋoirt an treas aingeal a ṡoiṫeaċ isteaċ ins na h‐aiḃniḃ agus ins na toibreaċaiḃ uisce. 5 Agus do rinneaḋ fuil díoḃ. Agus do ċualas aingeal na n‐uiscí g‐á ráḋ, Is tusa atá cóir, coṫrom, tusa atá agus do ḃí ann an tAon Naoṁṫa, de ċionn an ḃreiṫeaṁnais atá déanta agat: 6 óir do ḋoirteadar‐san fuil na naoṁ agus na ḃfáiḋ, agus ṫugais‐se fuil le n’ól dóiḃ, mar ḃí sé tuillte aca. 7 Agus do ċualas glór ó’n altóir, g‐á ráḋ, Is eaḋ, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ, is fírinneaċ coṫrom iad do ḃreiṫeaṁantaisí. 8 Agus do ḋoirt an ceaṫraṁa h‐aingeal a ṡoiṫeaċ amaċ ar an ngréin, agus tugaḋ de ċuṁaċt di na daoine do loscaḋ le teiniḋ. 9 Agus do ḃí na daoine d’á loscaḋ le dian‐teas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm an Dé go raiḃ smaċt ar na pláiġeannaiḃ seo aige; agus ní ḋearnadar aiṫriġe ċum glóir do ṫaḃairt dó. 10 Agus do ḋoirt an cúigeaḋ h‐aingeal a ṡoiṫeaċ amaċ ar árd‐ċaṫaoir an ainṁiḋe; agus d’éiriġ a ríoġaċt dorċa; agus do ḃí na daoine ag cogaint a dteangṫaċa le neart péine, 11 agus do ṁasluiġeadar Dia neiṁe mar ġeall ar a bpiantaiḃ agus ar a neascóidiḃ: agus ní ḋearnadar aiṫriġe ’n‐a míġníoṁarṫaiḃ. 12 Agus do ḋoirt an séaṁaḋ h‐aingeal a ṡoiṫeaċ amaċ ar an aḃainn ṁóir Eúfrátes; agus do ṫiormuiġ a h‐uisce, ċum bealaċ do réiḋteaċ do na riġṫiḃ ó’n doṁan ṫoir. 13 Agus do ċonnacas trí spioraidí neaṁ‐ġlana do ḃí cosṁail le luascánaiḃ, ag teaċt amaċ as béal an dragúin, agus as béal an ainṁiḋe, agus as béal an ḟáiḋ ḃréige: 14 óir is spioraidí deaṁan iad, ag oibriú míorḃailtí, ṫéiġeas amaċ ċum riġṫe an doṁain uile, ċum iad do ċruinniú le ċéile fá ċóṁair cogaiḋ lae ṁóir Dé Uile‐ċuṁaċtaiġ. 15 (Féaċ, atáim ag teaċt ar nós gadaiḋe. Is aoiḃinn do’n té do‐ġní faire, agus ċoiṁeádas a ċuid éadaiġe, ar eagla go siuḃalfaḋ sé lomnoċt, agus go ḃfeicfiḋe a náire). 16 Agus do cruinniġeaḋ le ċéile iad san áit ar a dtugtar i nEaḃrais, Nar‐Magedón. 17 Agus do ḋoirt an seaċtṁaḋ h‐aingeal a ṡoiṫeaċ amaċ san aer; agus ṫáinig árd‐ġlór amaċ as an teampall, ó’n riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Atá sé déanta: 18 agus do ḃí teinteaċa, agus glórṫa, agus tóirneaċa ann; agus do ḃí crioṫ mór talṁan ann, crioṫ talṁan naċ raiḃ a leiṫéid ann ó ḃí daoine ar doṁan, a uaṁnaiġe do ḃí sé. 19 Agus do briseaḋ an ċaṫair ṁór ’n‐a trí codaċaiḃ, agus do ṫuit caṫraċa na gciniḋeaċ ar lár: agus do ċuiṁniġ Dia ar an mBaibiolóin ṁóir, ċum cupán fíona a ḋíḃeirge móire do ṫaḃairt le n’ól di. 20 Agus do ṫeiċ gaċ uile oileán, agus ní raiḃ na sléiḃte le fáġáil. 21 Agus do ṫuit cloiċ‐ṡneaċta mór, ċóṁ trom le talainn, anuas ó’n spéir ar na daoiniḃ: agus do ṁasluiġ na daoine Dia mar ġeall ar ṗláiġ an ċloiċ‐ṡneaċta; óir do ḃí an ṗláiġ sin an‐ṁór. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society