Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ċonnacas cóṁarṫa mór eile ar neaṁ, cóṁarṫa mór, iongantaċ, seaċt n‐aingle agus seaċt bpláiġeanna aca, na pláiġeanna deireannaċa óir is leo‐san cóiṁlíontar díḃeirg Dé.

2 Agus do ċonnacas mar ḃéaḋ fairrge ġloine, agus í meascṫa le teiniḋ; agus iad‐san ṫáinig go buaḋaċ ó’n ainṁiḋe, agus ó n‐a íoṁáiġ, agus ó uiṁir a ainme, ’n‐a seasaṁ le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseaċa Dé aca.

3 Agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin Ṁaoise seirḃísiġ Dé, agus aṁráin an Uain, g‐á ráḋ, Is mór, iongantaċ iad t’oibreaċa, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ. Is cóir, fírinneaċ iad do ṡliġṫe, a Riġ na gciniḋeaċ.

4 Cia h‐é naċ mbéiḋ eagla air róṁat, a Ṫiġearna, agus naċ dtiuḃraiḋ glóir dot’ ainm? Óir is tusa aṁáin atá naoṁṫa; agus tiocfaiḋ na ciniḋeaċa uile agus sléaċtfaiḋ siad róṁat; óir atá do ḃreiṫeaṁnaisí lán‐ḟoillsiġṫe.

5 Agus tar éis na neiṫe seo do ḋearcas, agus do fosclaḋ teampall tabernacail na fiaḋnaise ar neaṁ:

6 agus na seaċt n‐aingle go raiḃ na seaċt bpláiġeanna aca, ṫáinig siad amaċ as an teampall, línéadaċ glan‐úr umpa, agus creasa óir i dtimċeall a n‐uċt orṫa.

7 Agus ṫug ceann de na ceiṫre h‐ainṁiḋṫiḃ seaċt soiṫiġe óir do na seaċt n‐aingliḃ, agus iad lán de ḋíḃeirg Dé ṁaireas go saoġal na saoġal.

8 Agus do líonaḋ an teampall de ḋeataċ ó ġlóir Dé, agus ó n‐a ċuṁaċt; agus níor ḟéad aoinneaċ dul isteaċ san teampall nó go raiḃ deireaḋ déanta de ṡeaċt bpláiġeannaiḃ na seaċt n‐aingeal.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan