Taisbeunaḋ 14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do ḋearcas, agus féaċ, an tUan ’n‐a ṡeasaṁ ar ċnoc Síoin, agus céad ceaṫrar agus dá ḟiċid míle duine ’n‐a ḟoċair, agus a ainm‐sean agus ainm a Aṫar scríoḃṫa ar ċláraiḃ a n‐éadain. 2 Agus do ċualas glór ó neaṁ, mar ṫorann uiscí ioṁḋa, agus mar ḟuaim tóirniġe móire: agus an glór do ċualas, do ḃí sé mar ḃéaḋ cláirseoirí ag seinm ceoil ar a gcláirseaċaiḃ: 3 agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin, mar ḃéaḋ aṁrán úr‐nua, ós cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus os cóṁair na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus os cóṁair na seanóir: agus ní raiḃ ar ċumas d’aoinneaċ an t‐aṁrán sin d’ḟoġlaim, aċt aṁáin do’n ċéad ceaṫrar, agus dá ḟiċid míle duine do ḃí ceannuiġṫe as a raiḃ ar talaṁ. 4 Is iad‐san iad nár ṡaluiġ iad féin le mnáiḃ; óir is ar staid óġaċta atáid. Is iad‐san leanas an tUan cibé áit ’n‐a dtéiġeann sé. Is iad do ceannuiġeaḋ as lár na ndaoine ċum ḃeiṫ ’n‐a gcéad‐ṫorṫaiḃ do Ḋia agus do’n Uan. 5 Agus ní raiḃ bréag le fáġáil ariaṁ ’n‐a mbéal: atáid gan smál. 6 Agus do ċonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraiḋe aige le n’ḟógairt do luċt áitreaḃa na talṁan, agus do gaċ cineaḋ, agus treiḃ, agus teangain, agus pobal; 7 agus duḃairt sé de ġuṫ árd, Bíoḋ eagla Dé oraiḃ, agus taḃraiḋ glóir dó; óir atá uair a ḃreiṫeaṁnais tagṫa: agus déanaiḋ aḋraḋ do’n té do rinne neaṁ agus talaṁ agus muir agus toibreaċa an uisce. 8 Agus do lean aingeal eile, g‐á ráḋ, Is í atá tuitṫe, tuitṫe, an Ḃaibiolóin Ṁór, ṫug fá deara ar na ciniḋeaċaiḃ fíon díḃeirge a striapaċais d’ól. 9 Agus do lean an treas aingeal g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Má ḃeireann aoinneaċ aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, agus má ġlacann sé marc ar ċlár a éadain, nó ar a láiṁ, 10 ólfaiḋ sé d’ḟíon díḃeirge Dé, atá doirtṫe gan meascaḋ i gcupán a ḟeirge; agus ciapfar é le teiniḋ agus le ruiḃ i ḃfiaḋnaise na naoṁ‐aingeal, agus i ḃḟiaḋnaise an Uain: 11 agus béiḋ deataċ a ġéar‐ċráḋa ag dul suas i n‐áirde go saoġal na saoġal; agus ní ḃíonn suaiṁneas de ló ná d’oiḋċe aca‐san do‐ġní aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, ná ag aon duine ġlacas ċuige marc a ainme. 12 Annso is eaḋ atá foiġid na naoṁ, luċt ċoiṁeádta aiṫeanta Dé agus creidiṁ Íosa. 13 Agus do ċualas glór ó neaṁ, g‐á ráḋ, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na mairḃ do‐ġeiḃ bás san Tiġearna ó’n am so feasta: Is eaḋ, adeir an Spiorad, ċum go ḃfaiġiḋ siad suaiṁneas ó n‐a saoṫar; óir leanann a ngníoṁarṫa iad. 14 Agus do ḋearcas, agus féaċ, néall geal, agus an té do ḃí cosṁail le Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, coróin óir ar a ċeann, agus corrán géar ’n‐a láiṁ aige. 15 Agus ṫáinig aingeal amaċ as an teampall, g‐á ġlaoḋaċ de ġuṫ árd ċuige‐sean do ḃí ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, Cuir isteaċ do ċorrán gear, agus bí ag baint: óir atá an t‐am ċum bainte tagṫa; óir atá fóġṁar na talṁan ṫar a ḃeiṫ aibiḋ. 16 Agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, do ċaiṫ sé a ċorrán ar an talaṁ; agus do baineaḋ fóġṁar na talṁan. 17 Agus ṫáinig aingeal eile amaċ as an teampall atá ar neaṁ, agus corrán géar aige‐sean, leis. 18 Agus ṫáinig aingeal eile amaċ ó’n altóir, ag a raiḃ cuṁaċt ar ṫeiniḋ aige; agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd ċuige‐sean go raiḃ an corrán géar aige, g‐á ráḋ, Cuir isteaċ do ċorrán géar agus bailiġ caora fineaṁna na talṁan; óir atá a caora lán‐aibiḋ. 19 Agus do ċaiṫ an t‐aingeal a ċorrán ar an talaṁ, agus do ḃailiġ sé caora fíneaṁna na talṁan, agus do ċaiṫ sé isteaċ i n‐iomar mór díḃeirge Dé iad. 20 Agus do sataluiġeaḋ an t‐iomar taoḃ amuiġ de’n ċaṫair, agus ṫáinig fuil amaċ ó’n iomar ċóṁ h‐árd le sriantaiḃ na gcapall, ar feaḋ mile agus sé céad staid. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society