Taisbeunaḋ 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do ṡeasuiġ sé ar ġaineaṁ na mara. Agus do ċonnacas ainṁiḋe ag teaċt aníos as an ḃfairrge, deiċ n‐aḋarca aige agus seaċt gcinn, agus deiċ gcoróineaċa ar a aḋarcaiḃ, agus ainmneaċa dia‐ṁaslaiḋ ar a ċeannaiḃ. 2 Agus an t‐ainṁiḋe do ċonnacas, do ḃí sé cosṁail le liobard, agus ḃí a ċosa cosṁail le cosaiḃ maṫġaṁna, agus ḃí a ḃéal cosṁail le béal leoṁain: agus ṫug an dragún a neart, agus a árd‐ċaṫaoir, agus cuṁaċt ṁór dó. 3 Agus do ċonnacas ceann d’á ċeannaiḃ mar ḃéaḋ goin ḃáis air; agus do ḃí an ḃás‐ġoin leiġeasta. Agus do ḃí árd‐iongnaḋ ar an saoġal uile ag dul i ndiaiḋ an ainṁiḋe; 4 agus d’aḋradar an dragún, toisc a ċuṁaċt do ṫaḃairt do’n ainṁiḋe, g‐á ráḋ, Cia leis gur cosṁail an t‐ainṁiḋe, agus cia h‐é ḟéadas cogaḋ do ċur air? 5 Agus tugaḋ béal dó ag laḃairt go mór‐ṁaoiḋteaċ, masluiġṫeaċ; agus tugaḋ de ċuṁaċt dó ḃeiṫ ag oibriú ar feaḋ ḋá ṁí agus dá‐ḟiċid. 6 Agus d’ḟoscail sé a ḃéal ċum maslaḋ do ṫaḃairt do Ḋia, agus d’á ainm, agus d’á áitreaḃ, agus do luċt aitreaḃa neiṁe. 7 Agus tugaḋ de ċead dó cogaḋ do ċur ar na naoṁaiḃ, agus buaiḋ do ḃreiṫ orṫa: agus tugaḋ cuṁaċt dó os cionn gaċ treiḃe, agus pobail, agus teangan, agus ciniḋ. 8 Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain. 9 Aoinneaċ go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé. 10 Cibé duine ṫreoruiġeas ċum daor‐ḃroide, is ċum daor‐ḃroide raċas sé; cibé duine ṁarḃas le claiḋeaṁ, ní foláir a ṁarḃaḋ féin le claiḋeaṁ. Annso is eaḋ atá foiġid agus creideaṁ na naoṁ. 11 Agus do ċonnacas ainṁiḋe eile ag teaċt aníos as an talaṁ agus ḋá aḋairc do ḃí cosṁail le h‐aḋarcaiḃ uain aige, aċt do laḃair sé mar laḃarfaḋ dragún. 12 Agus oibriġeann sé smaċt an ċéad ainṁiḋe ’n‐a ḟiaḋnaise, agus cuireann sé d’ḟiaċaiḃ ar a ḃfuil ar talaṁ ’n‐a gcóṁnaiḋe ann aḋraḋ do ṫaḃairt do’n ċéad ainṁiḋe go raiḃ a ġoin ḃáis leiġeasta. 13 Agus ġníonn sé míorḃailtí móra, ċum teine féin do ṫarraing anuas ó neaṁ ar an talaṁ i ḃfiaḋnaise na ndaoine. 14 Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo. 15 Agus tugaḋ de ċuṁaċt dó anál do ṫaḃairt d’íoṁáiġ an ainṁiḋe, ċum go laḃarfaḋ íoṁáiġ an ainṁiḋe, agus ċum go ndéanfaḋ sé an méid daoine naċ dtiuḃraḋ aḋraḋ do’n ainṁiḋe do ċur ċum báis. 16 Agus cuireann sé d’ḟiaċaiḃ ar an uile ḋuine, idir ḃeag agus ṁór, ṡaiḋḃir agus ḃoċt, ṡaor agus ḋaor, marc do glacaḋ ċuca ar a láiṁ ḋeis, nó ar ċlár a n‐éadain; 17 agus gan cumas ḃeiṫ ag aon duine rud do ċeannaċ ná do ḋíol, aċt ag an té aṁáin ar a mbéaḋ marc, nó uiṁir an ainṁiḋe. 18 Atá gáḃaḋ le h‐aigeantaċt annso. An té go ḃfuil tuigsin aige, cóṁaireaḋ sé uiṁir an ainṁiḋe, óir is uiṁir duine í; agus is í is uiṁir dó, Sé céad, trí fiċid, a sé. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society