Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do noċtaḋ cóṁarṫa mór san spéir; bean, agus an ġrian mar ċlúdaċ uirṫi, an ġealaċ fá n‐a cosaiḃ, agus coróin dá réalta déag ar a ceann;

2 agus do ḃí sí torraċ, ag glaoḋaċ amaċ le tinneas cloinne, agus í beo‐ṗianta ċum leanḃ do ḃreiṫ.

3 Agus do noċtaḋ cóṁarṫa eile san spéir; agus féaċ, dragún mór dearg, go raiḃ seaċt gcloigne agus deiċ n‐aḋarca aige, agus do ḃí seaċt gcoróineaċa ar na cloigniḃ.

4 Agus do ṫarraing a earball an treas cuid de réaltanaiḃ na spéire ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ṫeilg sé ċum na talṁan iad: agus do ṡeasuiġ an dragún os cóṁair na mná do ḃí ar tí an leanḃ do ḃreiṫ, ċum go sluigfeaḋ sé an leanḃ ċóṁ luaṫ agus béarfaí é.

5 Agus rug sí leanḃ fir go raiḃ sé i ndán dó na ciniḋeaċa uile do riaġlú le slait iarainn: agus do tógaḋ a leanḃ suas ċum Dé, agus ċum a riġ‐ċaṫaoireaċ.

6 Agus do ṫeiċ an ḃean isteaċ san ḃfásaċ, mar a ḃfuil áit fá n‐a cóṁair ullaṁ ag Dia ḋi, ċum go mbeaṫóċaiḋe í annsin ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá.

7 Agus do ḃí cogaḋ ar neaṁ: Miċeál agus a aingle ag troid i h‐aġaiḋ an drágúin; agus do ṫroid an dragún agus a aingle:

8 agus níor éiriġ an caṫ leo, agus ní fríṫ aon áit as sin amaċ dóiḃ ar neaṁ.

9 Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.

10 Agus do ċualas glór árd ar neaṁ, g‐á ráḋ, Anois atá slánuġaḋ, agus cuṁaċt, agus ríoġaċt ár nDé, agus cuṁaċt a Ċríost tagṫa: óir atá éiliġṫeoir ár mbráṫar teilgṫe síos, an té do ḃí g‐á n‐éiliú i ḃfiaḋnaise ár nDé de ló agus d’oiḋċe.

11 Agus rugadar buaiḋ air tré ḟuil an Uain, agus tré ḃriaṫar a ḃfiaḋnaise: agus níor ċuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.

12 Déanaiḋ gáirdeaċas d’á ḃriġ sin, a ḟlaiṫeasa, agus siḃ‐se ċóṁnuiġeas ionnta. Is mairg do’n talaṁ agus do’n ḟairrge: óir atá an diaḃal imṫiġṫe síos ċugaiḃ, agus fearg ṁór air, agus a ḟios aige naċ ḃfuil aċt tamall beag i ndán dó.

13 Agus ar n‐á ḟeicsin do’n dragún go raiḃ sé teilgṫe síos ċum talṁan, do rinne sé géirleanṁain ar an mnaoi rug an leanḃ fir.

14 Agus tugaḋ ḋá sciaṫán an iolair ṁóir do’n ṁnaoi, ċum go dteiċfeaḋ sí go dtí n‐a h‐áit féin san ḃfásaċ, mar a mbeaṫuiġtear í ar feaḋ tréiṁse, agus ḋá ṫréiṁse, agus leaṫ‐tréiṁse i ḃfad ó aġaiḋ an dragúin.

15 Agus do ċaiṫ an naṫair niṁe uisce mar aḃainn amaċ as a ḃéal i ndiaiḋ na mná, ċum go scuabfaḋ sí ċum siuḃail í leis an sruṫ.

16 Agus do ċuidiġ an talaṁ leis an mnaoi, agus d’ḟoscail an talaṁ a béal agus do ṡluig sí siar an aḃa do ḃí caiṫte ag an dragún amaċ as a ḃéal.

17 Agus d’éiriġ an dragún feargaċ leis an mnaoi, agus d’imṫiġ sé ċum cogaḋ do ċur ar an gcuid eile d’á slioċt, ar luċt coiṁeádta aiṫeanta Dé, go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan