Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ċonnacas aingeal tréan eile ag teaċt anuas ó neaṁ, néall mar ċlúdaċ air, agus boġa ceaṫa os a ċionn, agus do ḃí a ġnúis cosṁail leis an ngréin, agus ḃí a ċosa cosṁail le colaṁnaiḃ téineaḋ;

2 agus do ḃí leaḃar beag ar ḟoscailt ’n‐a láiṁ aige: agus do ċuir sé a leaṫ‐ċos ḋeas ar an ḃfairrge,

3 agus a leaṫ‐ċos ċlé ar an talaṁ; agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd mar ḃéiceas leoṁan: agus nuair do ġlaoḋ, do laḃair glórṫaí na seaċt dtóirneaċa.

4 Agus nuair do laḃair na seaċt dtóirneaċa, do ḃíos ar tí scríoḃaḋ, agus do ċualas an glór ó neaṁ aduḃairt, Cuir séala ar na neiṫiḃ aduḃairt na seaċt dtóirneaċa, agus ná scríoḃ iad.

5 Agus an t‐aingeal do ċonnacas ’n‐a ṡeasaṁ ar an ḃfairrge agus ar an talaṁ, do ṫóg sé a láṁ ḋeas suas ċum neiṁe,

6 agus do ḋearḃuiġ sé ar an té ṁaireas go saoġal na saoġal, an té do ċruṫuiġ neaṁ agus a ḃfuil ann, agus an talaṁ agus a ḃfuil ann, agus an ḟairrge agus a ḃfuil innti,

7 naċ mbéiḋ tuilleaḋ moille: aċt i laeṫiḃ glóir an seaċtṁaḋ h‐aingil, nuair ṫosnuiġeas sé ar ṡéideaḋ, annsin is eaḋ cóiṁlionfar rúindiaṁair Dé, do réir mar d’ḟoillsiġ sé d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, na fáiḋe é.

8 Agus an glór do ċualas ag laḃairt ó neaṁ, do laḃair sé liom arís, agus aduḃairt, Imṫiġ, glac an leaḃar atá ar ḟoscailt i láiṁ an aingil atá ’n‐a ṡeasaṁ ar an ḃfairrge agus ar an talaṁ.

9 Agus do ċuaḋas ċum an aingil, agus d’iarras air an leaḃar beag do ṫaḃairt dom. Agus aduḃairt seisean liom, Glac agus sluig siar é; déanfaiḋ sé do ḃolg searḃ, aċt béiḋ sé ċóṁ milis le mil id’ ḃéal.

10 Agus do ġlacas an leaḃar beag as láiṁ an aingil, agus do ṡluigeas siar é; agus do ḃí sé ċóṁ milis le mil im’ ḃéal, aċt nuair do ḃí sé iṫte agam, do rinneaḋ mo ḃolg searḃ.

11 Agus aduḃraḋ liom, Caiṫfiḋ tú tarngaireaċt do ḋéanaṁ fós i dtaoḃ a lán poibleaċa, agus ciniḋeaċ, agus teangṫaċ, agus riġṫe.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan