Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,

2 an té do rinne fiaḋnaise ar gaċ a ḃfaca sé i dtaoḃ briaṫair Dé, agus i dtaoḃ fiaḋnaise Íosa Críost.

3 Is aoiḃinn do’n té léiġeas agus do’n dream éisteas le ráiḋṫeaċas na tarngaireaċta so, aċt gaċ a ḃfuil scríoḃṫa innti do ċoiṁeád: óir ní fada uainn an t‐am.

4 EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;

5 agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;

6 agus do rinne ríoġaċt dínn, ċum ḃeiṫ ’n‐ár sagartaiḃ do Ḋia a Aṫair; dó‐san go raiḃ an ġlóir agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.

7 Féaċ, atá sé ag teaċt leis na néalltaiḃ; agus ċífiḋ gaċ súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfiḋ treaḃa uile an doṁain d’á ḃárr. Mar sin ḃéas. Amen.

8 Is mise an t‐Alfa agus an t‐Ómega, adeir an Tiġeara Dia, an té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt, an tUile‐ċuṁaċtaċ.

9 Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.

10 Do ḃíos fá anáil an Spioraid lá an Tiġearna, agus do ċualas an glór taoḃ ṫiar díom, mar ḃéaḋ glór stuic,

11 g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.

12 Agus d’iompuiġeas ṫart ċum an té gur leis an guṫ d’ḟeicsin. Agus ar n‐iompoḋ ḋom do ċonnacas seaċt gcoinnleoirí óir;

13 agus i lár na gcoinnleoir, an duine do ḃí cosṁail le Mac an Duine, róba go troiġ air, agus crios óir timċeall a uċta.

14 Agus do ḃí a ċeann agus a ġruaig ċóṁ geal le h‐olainn, ċóṁ geal le sneaċta; agus do ḃí a ṡúile mar ḃéaḋ lasair teineaḋ;

15 agus do ḃí a ċosa mar ḃéaḋ uṁa geal‐ruiṫneaċ do bruiṫneaḋ i ḃfoirnéis; agus do ḃí a ġlór mar ḃéaḋ torann mór‐uisce.

16 Agus do ḃí aige ’n‐a láiṁ ḋeis seaċt réaltana: agus do ḃí claiḋeaṁ géar ḋá‐ḟaoḃar ar síneaḋ as a ḃéal; agus do ḃí a ġnúis mar ḃéaḋ an ġrian ag lonnraḋ ’n‐a lán‐neart.

17 Agus nuair do ċonnacas é, do ṫuiteas ag a ċosaiḃ mar ḃéinn marḃ. Agus do leag seisean a láṁ ḋeas orm, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ aon eagla ort;

18 is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.

19 D’á ḃriġ sin scríoḃ na neiṫe do ċonnacais, agus ná neiṫe atá ann, agus na neiṫe atá le ḃeiṫ ann ’n‐a ḋiaiḋ seo;

20 rúindiaṁair na seaċt réalta do ċonnacais im’ láiṁ ḋeis, agus na seaċt gcoinnleoir óir. Is iad na seaċt réaltana aingle na seaċt eaglais, agus is iad na seaċt gcoinnleoirí óir na seaċt h‐eaglaisí.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan