Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Séamas 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Féaċaiḋ i leiṫ, a luċt an tsaiḋḃris, biḋiḋ ag caoineaḋ agus ag olagón fá n‐a ḃfuil de ṫubaiste le teaċt oraiḃ.

2 Atá ḃur gcuid saiḋḃris loḃṫa, agus atá ḃur n‐éadaiġe iṫte ag na leaṁnaiḃ.

3 Atá ḃur gcuid óir agus airgid meirgeaċ, agus béiḋ a meirg mar ḟiaḋnaise ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, agus cnaoiḋfiḋ sí ḃur ḃfeoil mar ḋéanfaḋ teine. Atá ḃur n‐ionṁas curṫa i dtaisce agaiḃ ins na laeṫiḃ deireannaċa so.

4 Féaċ, tuarastal ḃur scláḃaiḋte do ḃain ḃur nguirt, atá d’á ċongḃáil siar agaiḃ san éagcóir, atá sé ag eagnaċ os árd, agus ṫáinig casaoid na mbuanaiḋe go cluasaiḃ Ṫiġearna na sluaiġeaḋ.

5 Do ċaiṫeaḃar ḃur saoġal ar talaṁ le macnas agus le pléisiúr; do ḃí an‐tsásaṁ croiḋe agaiḃ i ló an áir.

6 Do ḋaoraḃar agus do ṁaraḃar an fíréan; ní ċuireann sé ’n‐ḃur gcoinniḃ.

7 Biḋiḋ foiġdeaċ d’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, go teaċt an Tiġearna. Féaċ, bíonn an scológ ag fanaṁain le toraḋ luaċṁar na talṁan, agus é go foiġdeaċ ’n‐a ṫaoḃ, nó go ḃfaiġiḋ sé fearṫainn an earraiġ agus fearṫainn an ḟóġṁair.

8 Bíoḋ foiġid agaiḃ‐se leis, neartuiġiḋ ḃur gcroiḋeaċa, óir ní fada uainn teaċt an Tiġearna.

9 Ná biḋiḋ ag cannrán i n‐aġaiḋ a ċéile, a ḃráiṫre, ċum naċ dtiuḃarfar breiṫeaṁnas oraiḃ: féaċ, atá an breiṫeaṁ ’n‐a ṡeasaṁ ag an doras.

10 Glacaiḋ mar ṡompla fulaing agus foiḋne, a ḃráiṫre, ná fáiḋe do laḃair i n‐ainm an Tiġearna.

11 Féaċ, measaimíd gur ab aoiḃinn do na daoiniḃ d’ḟulaing go foiġdeaċ. Do ċualaḃar i dtaoḃ foiḋne lóib, agus do ċonnacaḃar an ċríoċ do ċuir an Tiġearna air; óir atá an Tiġearna lán de ṫruaiġ agus de ṫrócaire.

12 Aċt ṫar gaċ niḋ, a ḃráiṫre, ná taḃraiḋ mionn ar biṫ, ag dearḃú ar neaṁ, nó ar ṫalaṁ, nó ar aon niḋ eile: aċt abraiḋ, Is eaḋ, aṁáin, nó, Ní h‐eaḋ, le fíre, gan tuilleaḋ do ráḋ, ar eagla go dtuitfeaḋ siḃ fá ḃreiṫeaṁnas.

13 An ḃfuil aon duine ’n‐ḃur measc ag fulang? Déanaḋ sé urnaiġe. An ḃfuil aon duine ríméadaċ? Déanaḋ sé laoiḋ molta do ċanaḋ.

14 An ḃfuil aon duine tinn ’n‐ḃur measc? Cuireaḋ sé fios ar ṡeanóiriḃ na h‐eaglaise, agus déanaidís urnaiġe os a ċionn, g‐á ungaḋ le h‐ola i n‐ainm an Tiġearna:

15 agus slánóċaiḋ guiḋe an ċreidiṁ an t‐easlán, agus tógfaiḋ an Tiġearna aniar é; agus má tá peacaiḋe déanta aige, maiṫfear iad dó.

16 Adṁuiġiḋ ḃur bpeacaiḋe d’á ċéile, d’á ḃriġ sin, agus guiḋiḋ ar son a ċéile, ċum go leiġeasfar siḃ. Is mór an éifeaċt atá i n‐urnaiġe ḋúṫraċtaiġ ó ḟear fíréan.

17 Fear do ḃí ar aon nádúir linne ab eaḋ Élias, agus do ġuiḋ sé go dúṫraċtaċ naċ gcuirfeaḋ sé báisteaċ: agus níor ṫuit braon báistiġe ar an talaṁ ar feaḋ trí mbliaḋan agus sé mí.

18 Agus do ġuiḋ sé arís, agus ṫug an spéir báisteaċ, agus ṫug an talaṁ a ṫoraḋ.

19 A ḃráiṫre, má tá aoinneaċ ’n‐ḃur measc ag claonaḋ ó’n ḃfírinne, agus má ṫionntuiġeann duine eile é,

20 bíoḋ a ḟios aige, an té ṫionntuiġeas peacaḋ ó’n sliġe ’n‐a raiḃ sé ar seaċrán, go saorfaiḋ sé a anam ó ḃás, agus go gcuirfiḋ sé folaċ ar a lán mór peacaiḋe.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan