Séamas 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Cad as na cogaiḋe agus na caṫa éiriġeas eadraiḃ? Naċ as so ṫig siad, as ḃur n‐ainṁiantaiḃ ḃíos ag troid le ċéile ’n‐ḃur mballaiḃ beaṫaḋ? 2 Bíonn andúil agaiḃ, agus gan niḋ agaiḃ d’á bárr: bíonn siḃ ag marḃaḋ, agus bíonn éada oraiḃ, agus ní ḟéadann siḃ rud d’ḟáġáil: bíonn siḃ ag cóṁrac agus ag troid, agus ní ḃíonn rud agaiḃ, de ṫoisc naċ n‐iarrann siḃ. 3 Iarrann siḃ, agus ní ḟaġann siḃ, de ḃriġ go n‐iarrann siḃ go h‐olc, ċum ḃur n‐ainṁianta do ṡásaṁ. 4 A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin. 5 Nó an measann siḃ gur díoṁaoin laḃras an scrioptúir, Is le h‐éad ṡanntuiġeas sé an spiorad do ċuir sé ’n‐a ċóṁnaiḋe ionnainn? 6 Aċt is móide do‐ḃeir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinniḃ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ. 7 Uṁluiġiḋ do Ḋia, d’á ḃriġ sin; aċt cuiriḋ i n‐aġaiḋ an diaḃail, agus teiċfiḋ sé uaiḃ. 8 Druidiḋ le Dia, agus druidfiḋ seisean liḃ. Niġiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa, agus glanaiḋ ḃur gcroiḋeaċa go h‐iomlán, a luċt an dá ċóṁairle. 9 Biḋiḋ ag éagcaoineaḋ, agus ag déanaṁ bróin, agus ag gol: aṫruiġtear ḃur ngáiriḋe ’n‐a ḃrón, agus ḃur luṫġáir ’n‐a gruaim. 10 Déanaiḋ siḃ féin d’uirísliú i ḃfiaḋnaise an Tiġearna, agus árdóċaiḋ sé siḃ. 11 Ná cáiniḋ a ċéile, a ḃráiṫre. An té ċáineas a ḃráṫair, nó do‐ḃeir breiṫ ar a ḃráṫair, cáineann sé an dliġe agus do‐ḃeir sé breiṫ ar an dliġe: aċt má ḃeireann tú breiṫ ar an dliġe, ní duine uṁluiġeas do’n dliġe ṫú, aċt is breiṫeaṁ ṫú. 12 Atá aon dliġeadóir agus aon ḃreiṫeaṁ aṁáin ann, go ḃfuil ar ċumas dó saoraḋ agus daoraḋ: cia ṫusa do‐ḃeir breiṫ ar do ċóṁarsain? 13 Féacaiḋ i leiṫ, siḃ‐se adeir, Raċaimíd indiu nó i mbáraċ isteaċ ’n‐a leiṫéid sin de ċaṫair, agus caiṫfimíd bliaḋain innti, agus déanfaimíd tráċtáil, agus ġeoḃaimíd brabaċ: 14 agus gan a ḟios agaiḃ créad atá i ndán daoiḃ i mbáraċ. Óir cad é ḃur saoġal? Is scamall siḃ, ḃíos le feicsin ar feaḋ tamaill, agus ṫéid as annsin. 15 Is é rud ba ċeart daoiḃ a ráḋ ’n‐a ionad sin, Le toil Dé, agus sinn beo, déanfaimíd so nó súd. 16 Aċt anois do‐ġní siḃ mórḋáil ’n‐ḃur smaointiḃ uaiḃreaċa: droċ‐niḋ is eaḋ maoiḋṁeaċas d’á leiṫéid sin. 17 D’á ḃriġ sin, an té gur ab eol dó deiġ‐ġníoṁ do ḋéanaṁ, agus naċ ndéanann é, is peacaḋ ḋó é. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society