Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Séamas 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.

2 Ná measaiḋ aċt gur aḋḃar áṫais ar fad é, a ḃráiṫre,

3 nuair ṫuiteas siḃ i gcaṫuiġṫiḃ éagsaṁla; agus a ḟios agaiḃ go dtugann fróṁaḋ ḃur gcreidiṁ seasṁaċt.

4 Agus leigiḋ do’n tseasṁaċt a toraḋ do ṫaḃairt ċum críċe, ċum go raiḃ siḃ lán‐ḟoirḃṫe, iomlán, gan éinniḋ ḃeiṫ i n‐easnaṁ oraiḃ.

5 Má ḃíonn aon duine agaiḃ i n‐uireasbaiḋ eagna, iarraḋ sé ar Ḋia í; is é do‐ḃeir go fial do ċáċ, gan aiṫḃear; agus do‐ḃéarfar dó í.

6 Aċt iarraḋ sé le creideaṁ, gan aon aṁras ḃeiṫ air: óir an té go mbíonn aṁras air, is cosṁail é le tuinn fairrge ḃíos d’á luascaḋ ag an ngaoiṫ, agus d’á suaṫaḋ anonn agus anall.

7 Ná measaḋ a leiṫéid sin de ḋuine go ḃfaiġiḋ sé rud ar biṫ ó’n Tiġearna: duine dá‐intinneaċ,

8 corraċ ’n‐a ṡliġṫiḃ uile is eaḋ é.

9 Déanaḋ an bráṫair uiríseal bród toisc é ḃeiṫ d’á árdú, agus déanaḋ an fear saiḋḃir bród toisc gur ísliġtear é:

10 óir imṫeoċaiḋ sé ar nós bláiṫ an ḟéir.

11 Óir éiriġeann an ġrian le teas dian‐loiscneaċ, agus seargann sí an féar, go dtuiteann a ḃláṫ, agus go dtéiġeann maise a ḋeallraiṁ i n‐éag: mar sin, is eaḋ, raċaiḋ an duine saiḋḃir i n‐éag ’n‐a ċúrsaiḃ.

12 Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.

13 Ná h‐abraḋ aoinneaċ, nuair curtar caṫuiġṫe air, Is ó Ḋia curtar caṫú orm: óir ní féidir caṫú ċum uilc do ċur ar Ḋia, ná ní ċuireann sé féin caṫú ar aoinneaċ:

14 aċt is aṁlaiḋ curtar caṫú ar gaċ duine nuair ṫarraingeas agus ḃréagas a ainṁianta féin é.

15 An ainṁian annsin, nuair ġeineas sí, beireann sí peacaḋ: agus an peacaḋ, nuair aibiġtear é go h‐iomlán, beireann sé bás.

16 Ná bíoḋ aon ṁearḃall oraiḃ, a ḃráiṫre ionṁaine.

17 Is ó’n áirde ṫuas atá gaċ deaġ‐ṫaḃartas agus gaċ tíoḋlacaḋ iomlán, ag teaċt anuas ó Aṫair na soillse, naċ dtagann claoċloḋ ar biṫ air, ná aṫrú ó ṡolas go dorċadas.

18 Is d’á ṫoil féin do ġein sé le briaṫar na fírinne sinn, ċum go mbéimís mar ċéad‐ṫorṫa a ḃfuil cruṫuiġṫe aige.

19 Is eol daoiḃ an méid sin, a ḃráiṫre ionṁaine, aċt bíoḋ gaċ duine luaṫ ċum éisteaċta, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge.

20 Óir ní oibriġeann fearg an duine fíréantaċt Dé.

21 Uime sin, ag cur gaċ neaṁ‐ġlaine agus droċ‐aigne iomarcaiġe ḋíḃ, glacaiḋ le ceannsaċt an briaṫar atá plannduiġṫe ionnaiḃ, ḟéadas ḃur n‐anmanna do ṡlánú.

22 Aċt cuiriḋ an briaṫar i ngníoṁ, gan ḃeiṫ ’n‐ḃur luċt éisteaċta aṁáin, ġ’‐ḃur meallaḋ féin.

23 Óir má éisteann aoinneaċ leis an mbriaṫar, gan gníoṁ do ḋéanaṁ d’á réir, atá sé cosṁail le duine ag aṁarc ar a ġnúis nádurṫa féin i scaṫán:

24 óir tar éis é féin do ḃreaṫnú, imṫiġeann sé, agus ar ball do‐ġní sé dearmad ar cad leis gur cosṁail é féin.

25 Aċt an té ḋearcas isteaċ san dliġe beaċt, dliġe na saoirse, agus leanas ag dearcaḋ, gan ḃeiṫ ’n‐a éistiġṫeoir dearmadaċ, aċt ’n‐a ḟear gníoṁ do ḋéanaṁ, beannóċar an duine sin ’n‐a ġníoṁ.

26 Má ṁeasann aoinneaċ naċ gcuireann srian le n‐a ṫeangain, gur duine cráiḃṫeaċ é, aċt ḃíos ag meallaḋ a ċroiḋe féin, is cráiḃṫeaċt gan briġ atá ag an duine sin.

27 Is í is fíor‐ċráiḃṫeaċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, cuairt do ṫaḃairt ar na dílleaċtaiḃ agus ar na baintreaḃaċaiḃ i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoġal a ṫruailliú féin.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan