Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Roṁánaċ 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Adeirim an ḟírinne i gCríost, ní abraim bréag, agus mo ċoinsias ag déanaṁ fiaḋnaise ḋom tríd an Spiorad Naoṁ,

2 go ḃfuil doilġeas mór agus cráḋ croiḋe gan faoiseaṁ orm.

3 Óir do ṫoileoċainn go mbéinn féin fá ṁallaċt ó Ċríost ar son mo ḃráiṫreaċ, mo ḋaoine muinntearḋa do réir na feola:

4 Israelítiġ, gur leo an uċtcaċt, agus an ġlóir, agus na connarṫa, agus an dliġe, agus aḋraḋ Dé, agus na geallaṁnaċa;

5 gur leo na h‐aiṫreaċa, agus gur uaṫa‐san do ṡíolruiġ Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile niḋ, Dia beannuiġṫe go deo. Amén.

6 Aċt ní h‐é sin a ráḋ go ḃfuil briaṫar Dé fágṫa gan éifeaċt mar ní h‐Israelíteaċ gaċ aoinneaċ do ṡíolruiġ ó Israel:

7 agus ní h‐i dtaoḃ gur daoine de ṡlioċt Abraċaim iad gur daoine d’á ċloinn iad go léir: aċt, I nÍosóg ainmneoċar slioċt duit.

8 Is ionann sin agus a ráḋ, naċ iad clann na feola clann Dé; aċt gur ab iad clann na geallaṁna meastar mar ṡlioċt.

9 Óir is é seo briaṫar na geallaṁna, Tiocfad fá’n tráṫ so, agus beiḋ mac ag Sára.

10 Agus ní h‐é sin aṁáin é; aċt Rebeca, mar an gcéadna, nuair ḃí toirċeas uirṫi, tríd ár n‐aṫair Íosóg;

11 óir sara rugaḋ an ċlann, gan éinniḋ maiṫ ná olc ḃeiṫ déanta aca, ċum go mbéaḋ cuspóir Dé san toġa seasṁaċ, ní mar ġeall ar oibreaċaiḃ é, aċt de ṫoil an té ġlaoḋas;

12 aduḃraḋ léi, Déanfaiḋ an té is sine seirḃís do’n té is óige.

13 Mar tá scríoḃṫa, Ṫugas gráḋ do Iácób, aċt ṫugas fuaṫ d’Ésau.

14 Créad adéarfaimíd, mar sin? An ḃfuil éagcóir i nDia?

15 Nár leigiḋ Dia é. Óir is é aduḃairt sé le Maois, Cibé duine ar a ndéanfad trócaire, déanfad trócaire air, agus cibé duine d’á ndéanfad truaġ, déanfad truaġ ḋó.

16 Ar an aḋḃar sin, ní leis an duine gur toil leis é, ná leis an duine go ḃfuil tréin‐riṫ aige, ḃaineas sé, aċt le Dia do‐ġní trócaire.

17 Óir is é adeir an scrioptúir le Farao, Ċuige seo is eaḋ do ṫógas suas ṫú, ċum mo ċuṁaċt do noċtaḋ ionnat, ċum go luaḋfaiḋe m’ainm ar fud an doṁain uile.

18 Uime sin do‐ġní sé trócaire ar an té is toil leis, agus cruaḋann sé an té is toil leis.

19 Adéarfaiḋ tú liom annsin, Cad ċuige ḋó ḃeiṫ ag fáġáil loċt fós? óir cia h‐é atá ag cur i gcoinne a ṫola?

20 Ar an taoḃ eile ḋe, cia ṫusa, a ḋuine, atá ag bréagnú Dé? An niḋ atá cumṫa, an n‐abróċaiḋ sé leis an té do ċum é, Cad ċuige a ndearnais san tsliġe seo mé?

21 Naċ ḃfuil cuṁaċt ag an gcriadóir ar an gcré ċum an soiṫeaċ so do ḋéanaṁ ċum onóra, agus an soiṫeaċ eile do ḋéanaṁ ċum easonóra as an aon ċnap aṁáin?

22 Agus má’s toil le Dia a ḋíḃeirg do noċtaḋ, agus a ċuṁaċt do ċur i dtuigsin, gur ġlac sé go foiġdeaċ le soiṫiġiḃ feirge do cumaḋ ċum a scriosta;

23 ċum go noċtfaḋ sé saiḋḃreas a ġlóire do ṡoiṫiġiḃ trócaire, d’ullṁuiġ sé roiṁ ré, ċum glóire,

24 is é sin dúinne, do ġlaoḋ sé, ní h‐é as na h‐Iúdaċaiḃ aṁáin, aċt as na Cineaḋaċaiḃ mar an gcéadna?

25 Mar adeir sé i leaḃar Óséa? Pobal naċ liom‐sa, goirfead pobal liom féin díoḃ: Agus bean nár ġráḋuiġeas, goirfead bean mo ġráḋa ḋi;

26 Agus is aṁlaiḋ ḃéas, san áit ’n‐a nduḃraḋ, Ní siḃ‐se mo ṗobal, Annsin is eaḋ goirfear maicne Dé ḋíoḃ.

27 Agus glaoḋann Ésáias i dtaoḃ Israel, Má ḃíonn clann Israel ċóṁ líonṁar le gaineaṁ na fairrge, ní slánóċar aċt a ḃfuiġeall:

28 óir cuirfiḋ an Tiġearna a ḃriaṫar i ḃfeiḋm ar talaṁ, g‐á ṫaḃairt ċum críċe go luaṫ.

29 Agus mar aduḃairt Ésáias roiṁe sin, Muna mbéaḋ gur ḟág Tiġearna na Sluaiġeaḋ slioċt againn, Do ḃéimís ar nós Sodaim, do ḃéimís cosṁail le Gomórra.

30 Créad adéarfaimíd mar sin? Gur ab iad na Cineaḋaiġ, naċ raiḃ ag lorg fíréantaċta, do fuair fíréantaċt, is í sin an ḟíréantaċt ṫig ó ċreideaṁ:

31 aċt Israel, do ḃí ag lorg dliġe fíréantaċta, níor éiriġ leo an dliġe sin d’ḟáġáil.

32 Cad ċuige sin? De ḃriġ nár tré ċreideaṁ do ḃíodar g‐á lorg, aċt mar ḃéaḋ tré oibreaċaiḃ. Do baineaḋ tuisleaḋ asta ar ċeap an tuisliḋ:

33 fá mar tá scríoḃṫa, Féaċ, cuirim i Síon ceap tuisliḋ agus carraig scannail, Agus cibé ċreideas ann, ní náireoċar é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan