Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Roṁánaċ 8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.

2 Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.

3 Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,

4 ċum go gcóiṁlionfaiḋe ar órduiġ an dliġe ionnainne, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an spioraid.

5 Óir na daoine ṁaireas do réir na colna bíonn meon colnaiḋe aca: aċt na daoine ṁaireas do réir an spioraid bionn meon spioradálta aca.

6 Óir is ionann an meon colnaiḋe agus an bás, aċt is ionann an meon spioradálta agus an ḃeaṫa agus an tsíoṫċáin:

7 mar náiṁdeas i n‐aġaiḋ Dé is eaḋ an meon colnaiḋe; óir ní uṁluiġeann sé do ḋliġe Dé, agus ċeana, ní ḟéadann sé uṁlú:

8 agus ní féidir do’n dream ṁaireas do réir na colna Dia do ṡásaṁ.

9 Aċt ní do réir na colna ṁaireas siḃ‐se, aċt do réir an spioraid, má’s fíor go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ. Aċt an duine naċ ḃfuil Spiorad Ċríost ann, ní le Críost é.

10 Agus má tá Críost ionnaiḃ, atá an ċolann marḃ de ḃárr an ṗeacaiḋ; aċt is beaṫa an spiorad tré ḟíréantaċt.

11 Agus má ċóṁnuiġeann Spiorad an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ ionnaiḃ, an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ beoḋóċaiḋ sé ḃur gcuirp ṡo‐ṁarḃṫa mar an gcéadna tré n‐a Spiorad ċóṁnuiġeas ionnaiḃ.

12 Ar an aḋḃar sin, a ḃráiṫre, ní do’n ḟeoil atáimíd fá ḟiaċaiḃ, ċum go mairfimís do réir na feola:

13 óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.

14 Óir an méid daoine atá fá ṫreorú Spioraid Dé, is iad clann Dé iad.

15 Óir ní ḟuair siḃ spiorad na daoirse ċum ḃeiṫ fá eagla arís: aċt fuair siḃ spiorad uċtcaċta, tríd a nglaoḋaimíd, Abbá, a Aṫair.

16 Do‐ḃeir an Spiorad féin a ḟiaḋnaise i n‐éinḟeaċt le n‐ár spiorad gur maicne Dé sinn: agus má’s maicne sinn,

17 is oiḋrí sinn, leis, agus is cóṁ‐oiḋrí le Críost sinn: má’s fíor go ḃfulaingmíd i n‐éinḟeaċt leis, ċum go mbéimís páirteaċ leis ’n‐a ġlóir.

18 Óir measaim‐se naċ fiú an méid ḟulaingmíd fá láṫair do ċur i gcóiṁeas leis an nglóir foillseoċar ionnainn.

19 Mar tá ar cruṫuiġeaḋ ag fuireaċ go fonnṁar ar ṫaiḋḃsiú maicne Dé.

20 Óir do cuireaḋ ar cruṫuiġeaḋ fá réimeas an ḃaosraiḋ, ní h‐é d’á ṡaor‐ṫoil féin é, aċt mar ġeall ar an té do ċuir fá smaċt é,

21 le súil go saorfar gaċ ar cruṫuiġeaḋ ó ḃraiġdeanas na truailleaċta ċum saoirse glóire maicne Dé.

22 Óir atá a ḟios againn go ḃfuil ar cruṫuiġeaḋ ag osnaiġil go dtí an uair seo fá ṫinneas cloinne.

23 Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt sinne, mar an gcéadna, go ḃfuil an Spiorad mar ċéad‐toraḋ againn, bímíd ag osnaiġil ionnainn féin, ag fuireaċ ar an uċtcaċt, is é sin fuasclaḋ ár gcorp.

24 Óir is i ndóċas do saoraḋ sinn: aċt ní dóċas an dóċas do‐ċítear: óir cad ċuige a mbéaḋ dóċas ag an duine ċum an niḋ do‐ċí sé?

25 Aċt má ḃíonn dóċas againn ċum an niḋ naċ ḃfeicimíd, bímíd ag fuireaċ go foiġdeaċ air.

26 Ar an gcuma ċéadna bíonn an Spiorad ag cuidiú linn ’n‐ár n‐anḃfainne: mar ní ḃíonn a ḟios againn créad ba ċeart dúinn d’iarraiḋ, agus sinn ag guiḋe: aċt do ġní an Spiorad féin eadarġuiḋe ar ár son le h‐osnaiġil do‐inniste.

27 Agus an té scrúduiġeas croiḋeaċa, is eol dó aigne an Spioraid, mar ġní sé eadarġuiḋe ar son na naoṁ do réir tola Dé.

28 Agus atá a ḟios againn go gcóṁoibriġeann gaċ uile niḋ ċum maiṫeasa do na daoiniḃ a ḃfuil gráḋ do Ḋia aca, do na daoiniḃ sin fuair gairm do réir a ċuspóra.

29 Óir na daoine do réaṁ‐aiṫniġ sé, do réaṁ‐oirdniġ sé iad, ċum go mbéaḋ siad cosṁail le h‐íoṁáiġ a Ṁic, ċum go mbéaḋ seisean ’n‐a ċéid‐ġein i measc mórán bráiṫreaċ.

30 Agus an méid díoḃ do réaṁ‐oirdniġ sé, do ġlaoḋ sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ġlaoḋ sé, d’ḟíréanuiġ sé iad: agus an méid d’ḟíréanuiġ sé, do ġlóiriġ sé iad mar an gcéadna.

31 Créad adéarfaimíd annsin i dtaoḃ na neiṫe sin? Má tá Dia i bpáirt linn, cia ḃéas ’n‐ár n‐aġaiḋ?

32 An té nár spáráil a Ṁac féin, aċt ṫug suas ar son an uile ḋuine againn é, naċ mbronnfaiḋ sé gaċ uile niḋ orainn i n‐éinḟeaċt leis?

33 Cia h‐é ċuirfeas cúis ar ṁuinntir ṫoġṫa Dé? Is é Dia ḟíréanuiġeas: cia h‐é ḋaorfas?

34 Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.

35 Cia h‐é scarfas ó ġráḋ Ċríost sinn? An ndéanfaiḋ anacair é, nó aingceis, nó géirleanṁain, nó gorta, nó lomnoċtaċt, nó contaḃairt, nó claiḋeaṁ.

36 Mar tá scríoḃṫa, Ar do ṡon‐sa is eaḋ marḃṫar sinn ar feaḋ an lae, Meastar sinn mar ḃéaḋ caoiriġ fá ċóṁair an ḃróiṫiġe.

37 Aċt ċeana, ins na neiṫiḃ sin go léir atáimíd ṫar a ḃeiṫ ḃuaḋaċ de ḃárr an té ṫug gráḋ ḋuinn.

38 Óir atáim dearḃṫa naċ ḃféadfaiḋ bás, ná beaṫa, ná aingle, ná cuṁaċta, ná neiṫe atá ann, ná neiṫe atá le teaċt,

39 ná áirde, ná doiṁneaċt, ná rud ar biṫ eile d’ár cruṫuiġeaḋ, naċ ḃféadfaiḋ siad sinn do scaraṁain ó’n ngráḋ atá ag Dia ḋúinn i nÍosa Críost ár dTiġearna.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan