Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Roṁánaċ 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, a ḃráiṫre, (ag laḃairt leo‐san go ḃfuil eolas an dliġe aca atáim), go mbíonn duine fá ċuṁaċt dliġe a ḟad agus ḃíos sé beo?

2 Óir an ḃean go ḃfuil fear aici atá sí ceangailte d’á fear do réir dliġe ċóṁ fada agus atá seisean beo, aċt má éagann a fear, atá sí scaoilte ó’n dliġe do ċeangail le n‐a fear í.

3 Uime sin, má tá sí pósta le fear eile, a ḟad agus atá a fear beo, glaoḋfar ban‐aḋaltrannaċ uirṫi; aċt má tá a fear marḃ, atá sí scaoilte ó’n dliġe sin: ar ṁoḋ naċ ban‐aḋaltrannaċ í, má tá féin go ḃfuil sí pósta le fear eile.

4 Ar an gcuma sin, a ḃráiṫre, atá siḃ‐se marḃ do’n dliġe tré ċorp Ċríost; ċum go mbéaḋ siḃ ceangailte do ḋuine eile, is é sin do’n té do tógaḋ ó na marḃaiḃ, ċum go dtiuḃraimís toraḋ do Ḋia.

5 Óir nuair ḃíomar fá réimeas na colna, na h‐ainṁianta peacaṁla do ḃí d’ár mbrostú ag an dliġe, do ḃídís ag oibriú ’n‐ár mballaiḃ ċum go dtiuḃraidís toraḋ do’n ḃás.

6 Aċt anois atáimid saor ó’n dliġe, ar mbeiṫ marḃ dúinn do’n dliġe ag a mbíoḋ greim orainn; ar ṁoḋ, naċ do réir sean‐scríḃinne do‐ġnímíd seirḃís, aċt do réir spioraid úr‐nua.

7 Créad adéarfaimíd, mar sin? An peacaḋ an dliġe? Nár leigiḋ Dia é. Aċt muna mbéaḋ an dliġe, ní ḃéaḋ eolas ar ṗeacaḋ agam: óir ní ḃéaḋ eolas agam ar an sainnt, muna mbéaḋ go nduḃairt an dliġe, Ní ḋéanfair sainnt.

8 Aċt fuair an peacaḋ faill orm ṫríd an aiṫne, gur spreag sé an uile ṡórt sainnte ionnam: óir taoḃ amuiġ de’n dliġe do ḃí an peacaḋ marḃ.

9 Do ṁairinn‐se beo, tráṫ, taoḃ amuiġ de’n dliġe: aċt le teaċt na h‐aiṫne, d’aiṫḃeoḋuiġ an peacaḋ, agus do ċuaḋas‐sa i n‐éag,

10 agus an aiṫne úd, do ḃí ann ċum beaṫa do ṫaḃairt, fríṫ gurḃ aḋḃar báis daṁ‐sa í:

11 óir fuair an peacaḋ faill orm, tríd an aiṫne, gur ṁeall sé me go mór, agus gur ṁarḃuiġ sé mé.

12 D’á ḃriġ sin, atá an dliġe naoṁṫa, agus atá an aiṫne naoṁṫa, agus fírinneaċ, agus maiṫ.

13 An niḋ atá maiṫ ann féin, an aṁlaiḋ do ḃí sé ’n‐a aḋḃar báis daṁ‐sa? Nár leigiḋ Dia é! Aċt do ḃí an peacaḋ, ċum go ḃfeicfiḋe go soiléir gur peacaḋ é, ag taḃairt báis dom ṫríd an niḋ maiṫ; ċum go mbéaḋ an peacaḋ an‐ṗeacaṁail go deo.

14 Óir atá a ḟios againn go ḃfuil an dliġe spioradálta, aċt atáim‐se colnaiḋe, díolta leis an bpeacaḋ.

15 Óir an niḋ do‐ġním ní ḟuil a ḟios agam ċréad é: mar ní h‐é an niḋ is mian liom do‐ġním; aċt an niḋ is gráin liom is é do‐ġním.

16 Aċt má’s é an niḋ naċ mian liom do‐ġníṁ, adṁuiġim gur maiṫ é an dliġe.

17 D’á ḃriġ sin, ní mise feasta do‐ġní é, aċt an peacaḋ longuiġeas ionnam.

18 Óir atá a ḟios agam naċ longuiġeann deaġ‐niḋ ar biṫ ionnam‐sa, is é sin im’ ċolainn: óir is toil liom de ġnáṫ an deaġ‐niḋ do ḋéanaṁ, aċt ní ḟuil ar ċumas dom an deaġ‐niḋ do ċur i ngníoṁ.

19 Óir an ṁaiṫ ba ṁian liom do ḋéanaṁ, ní ḋéanaim é, aċt an t‐olc nár ṁian liom do ḋéanaṁ is é do‐ġním.

20 Aċt má ġním an niḋ naċ toil liom, ní mise do‐ġní é annsin, aċt an peacaḋ longuiġeas ionnam.

21 Do‐ġeiḃim ionnam an dliġe, mar sin, nuair ba ṁian liom an ṁaiṫ do déanaṁ, gur ab é an peacaḋ ċóṁnuiġeas ionnam.

22 Óir taiṫneann dliġe Dé liom im’ anam istiġ:

23 aċt ċím dliġe eile im’ ḃallaiḃ, ag cur i gcoinniḃ dliġe m’intinne, agus gam’ ṫaḃairt i mbraiġdeanas fá ḋliġe an ṗeacaiḋ atá im’ ḃallaiḃ.

24 Mo léan! naċ mise an duine truaġa! Cia ḟuasclóċas ó ċorp so an ḃáis mé?

25 Do‐ḃeirim buiḋeaċas do Ḋia tré Íosa Críost ár dTiġearna. Uime sin, do‐ġním seirḃís do Ḋia le m’intinn; aċt do ḋliġe an ṗeacaiḋ lem’ ċolainn.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan