Roṁánaċ 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Créad adéarfaimíd mar sin? An aṁlaiḋ ḟanfaimíd go seasta san ṗeacaḋ ċum go méaduiġtear an grása? 2 Nár leigiḋ Dia é. Sinne atá marḃ do’n ṗeacaḋ, ċionnas ṁairfimíd níos faide ann? 3 Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, an méid dínn do baisteaḋ ċum Íosa Críost, gur ċum a ḃáis do baisteaḋ sinn? 4 D’á ḃriġ sin do h‐aḋlacaḋ sinn mar aon leis ṫríd an mbaisteaḋ ċum báis: ar ṁoḋ, fá mar tógaḋ Críost ó na marḃaiḃ tré ġlóir an Aṫar, gur mar sin ṡiuḃalfaimíd i saoġal úr‐nua. 5 Óir má ċóiṁċeanglaḋ sinn leis fá ṡaṁail a ḃáis, ċóiṁċeangalfar sinn leis, mar an gcéadna, fá ṡaṁail a aiséiriġṫe; 6 mar tá a ḟios againn gur céasaḋ ár sean‐nádúir ’n‐a ṫeannta, ċum go ḃfágfaiḋe corp an ṗeacaiḋ gan éifeaċt, ċum naċ mbéimís fá ḋaor‐smaċt an ṗeacaiḋ feasta; 7 óir an té atá ṫar éis báis atá sé saor ó ṗeacaḋ. 8 Aċt má fuaramar bás mar aon le Críost, creidimíd go mairfimíd beo mar aon leis, mar an gcéadna; 9 mar tá a ḟios againn, ó tógaḋ Críost ó na marḃaiḃ, naċ ḃfuil an bás i ndán dó ’n‐a ḋiaiḋ sin; ní ḟuil tiġearnas a ṫuilleaḋ ag an mbás air. 10 Óir nuair d’éag sé, d’éag sé do’n ṗeacaḋ go deo: aċt nuair ṁaireas sé beo, is do Ḋia ṁaireas sé. 11 Mar sin daoiḃ‐se, measaiḋ siḃ féin ḃeiṫ marḃ do’n ṗeacaḋ, aċt ḃeiṫ beo do Ḋia tré Íosa Críost. 12 D’á ḃriġ sin ná bíoḋ réimeas ag an bpeacaḋ ’n‐ḃur gcorp daonna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ d’á ainṁiantaiḃ: 13 agus ná taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna éagcóra; aċt taḃraiḋ siḃ féin do Ḋia mar ḋaoine atá beo ó na marḃaiḃ, agus taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna fíréantaċta do Ḋia. 14 Óir ní ḃéiḋ tiġearnas ag an bpeacaḋ oraiḃ: óir ní fá ḋliġe atá siḃ, aċt fá ġrása. 15 Créad uime sin? an ndéanfaimíd peacaḋ de ḃriġ naċ fá ḋliġe atáimíd, aċt fá ġrása? Nár leigiḋ Dia é. 16 Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, cibé duine d’á dtiuḃraiḋ siḃ siḃ féin mar ṡeirḃísiġ na h‐uṁlaċta, gur seirḃísiġ siḃ do’n té d’á n‐uṁluiġeann siḃ; is cuma cia aca seirḃísiġ an ṗeacaiḋ ċum báis, nó seirḃísiġ na h‐uṁlaċta ċum fíréantaċta? 17 Aċt, buiḋeaċas le Dia, giḋ go raḃaḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do’n ṗeacaḋ, d’uṁluiġeaḃar ó ċroiḋe do ṁoḋ an teagaisc d’á dtugaḃar siḃ féin; 18 agus, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, do‐rinneaḋ seirḃísiġ d’ḟíréantaċt díḃ. 19 Is ar nós daoine atáim ag laḃairt mar ġeall ar laige ḃur ḃfeola; óir fá mar ṫugaḃar ḃur mbaill beaṫaḋ mar ṡeirḃísiġ do ṫruailleaċt agus do ċuirpṫeaċt ċum cuirpṫeaċt do ċur i ngníoṁ, taḃraiḋ ḃur mbaill anois mar ṡeirḃísiġ d’ḟíréantaċt ċum go naoṁṫar siḃ. 20 Óir nuair ḃíoḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ ag an bpeacaḋ, ḃí siḃ saor ó smaċt na fíréantaċta. 21 Cia an tairḃe, d’á ḃriġ sin, do ḃí agaiḃ de ḃarr na neiṫe úd ċuireas náire oraiḃ anois? óir is é rud ṫagas as na neiṫiḃ úd, an bás. 22 Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air. 23 Óir is é tuarastal an ṗeacaiḋ an bás, aċt is é saor‐ḃronntanas Dé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe i nÍosa Críost, ár dTiġearna. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society