Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Roṁánaċ 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;

2 tré n‐a ḃfuaramar, leis, sliġe tré ċreideaṁ ċum an ġrása so ’n‐a ḃfuil ár seasaṁ, agus atá gáirdeaċas orainn ag súil le glóir Dé.

3 Agus ṫairis sin, is aḋḃar mórtais dúinn ár gcaṫuiġṫe féin; agus a ḟios againn go dtugann caṫú foiġid;

4 agus go dtugann foiġid seasṁaċt; agus go dtugann seasṁaċt dóċas:

5 agus ní náiriġeann an dóċas, de ḃriġ go ḃfuil gráḋ Dé doirtiġṫe ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ tríd an Spiorad Naoṁ tugaḋ ḋúinn.

6 Óir nuair ḃíomar i n‐ísle ḃriġe, fuair Críost bás i dtráṫ cóir ar son na neaṁ‐ḋiaḋa.

7 Óir is ar éigean do‐ġeoḃaḋ duine bás ar son fíréanaiġ: aċt do b’ḟéidir go mbéaḋ sé de ċroiḋe ag duine bás d’ḟáġáil ar son deaġ‐ḋuine.

8 Aċt noċtann Dia an gráḋ atá aige féin dúinn, de ḃriġ, ar mbeiṫ ḋúinn ’n‐ár bpeaċaċaiḃ, go ḃfuair Críost bás ar ár son.

9 Uime sin is móide an fáṫ, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ḟuil, go slánóċar sinn ó’n díḃeirg ṫríd‐sean.

10 Óir, má rinneaḋ réiḋteaċ idir sinn agus Dia tré ḃás a Ṁic, an tráṫ ’n‐a raḃamar ’n‐ár náiṁdiḃ, is móide an fáṫ, ar mbeiṫ do’n réiḋteaċ sin déanta, go slánóċar sinn tré n‐a ḃeaṫaiḋ.

11 Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt do‐ġnímíd gáirdeaċas i nDia tríd ár dTiġearna Íosa Críost, tré n‐a ḃfuaramar an réiḋteaċ sin.

12 Ar an aḋḃar sin, fá mar ṫáinig an peacaḋ ar an saoġal tré ḋuine aṁáin, agus an bás tríd an bpeacaḋ, ionnas go dtáinig an bás ċum an uile ḋuine, de ḃriġ go raiḃ peacaḋ déanta ag an uile ḋuine:

13 óir roiṁ ṫeaċt do’n dliġe do ḃí peacaḋ san tsaoġal: aċt ní áirṁṫear peacaḋ gan dliġe ḃeiṫ ann.

14 Aċt ċeana do ḃí réimeas ag an mbás ó Áḋaṁ go Maois, ar na daoiniḃ féin naċ ndearna peacaḋ mar rinne Áḋaṁ, atá ’n‐a ṡaṁail do’n té do ḃí le teaċt.

15 Aċt ní mar a ċéile do’n tsaor‐ḃronntanas agus do’n ċionnta. Óir má’s de ḃárr cionnta duine aṁáin fuair mórán bás, is mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ do ṁórán grása Dé agus an bronntanas tré ġrása duine aṁáin, is é sin Íosa Críost.

16 Agus ní mar a ċéile do’n ḃronntanas agus d’á dtáinig tré ċionnta duine aṁáin: óir ṫáinig an breiṫeaṁnas tré ċionnta duine aṁáin ċum daorṫa, aċt ṫáinig an saor‐ḃronntanas ṫar éis a lán cionnta ċum fíréanuiġṫe.

17 Óir má’s tré ċionnta an aon duine aṁáin ṫáinig réimeas an ḃáis ṫrid an aon duine aṁáin; is mó ’ná sin go mór ḃéas réimeas na beaṫaḋ ṫríd an aon duine aṁáin aca‐san do‐ġeiḃeas leor‐ġrása líonṁar agus taḃartas na fíréantaċta tríd an aon duine aṁáin, Íosa Críost.

18 Uime sin, díreaċ mar gur tré ċionnta duine aṁáin ṫáinig an daoraḋ ar an uile ḋuine; ar an gcuma ċéadna is tré ġníoṁ duine aṁáin ṫáinig an fíréanú do‐ḃeir beaṫa do’n uile ḋuine tré ġníoṁ fíréantaċta aṁáin.

19 Óir fá mar rinneaḋ peacaiġ d’á lán daoine tré easuṁlaċt duine aṁáin,

20 mar sin is eaḋ déanfar fíréanaiġ d’á lán tré uṁlaċt duine aṁáin. Agus ṫáinig an dliġe isteaċ ’na ḋiaiḋ sin ċum go méadóċaiḋe an cionnṫa. Aċt san áit ’n‐ar ṁéaduiġ an peacaḋ, ba mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ an grása:

21 ar ċuma, fá mar ḃí réimeas an ṗeacaiḋ ċum báis ann, gur ar an gcuma ċéadna do ḃéaḋ réimeas an ġrása tré ḟíréantaċt ann ċum na beaṫaḋ síorraiḋe tré Íosa Críost ár dTiġearna.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan