Roṁánaċ 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Créad atá ag an lúdaċ san mbreis, mar sin? nó créad é an tairḃe atá san timċeall‐ġearraḋ? 2 A lán mór ar gaċ sliġe: i gcéadóir, gur leo‐san do taoḃuiġeaḋ briaṫra Dé. 3 Má tá féin go raiḃ cuid aca dí‐ċreideaṁaċ, an ḃfágfaiḋ a n‐easbaiḋ creidiṁ fírinne Dé gan éifeaċt? 4 Nár leigiḋ Dia sin: go n‐aiṫniġtear Dia ḃeiṫ fírinneaċ, aċt an uile ḋuine ḃeiṫ bréagaċ; mar atá scríoḃṫa, Ċum go ḃfoillseoċaiḋe ṫú ḃeiṫ ionnraic id’ ḃriaṫraiḃ, Agus go mbuaḋfá nuair béarfar breiṫ ort. 5 Aċt má noċtann ár n‐éagcóir fíréantaċt Dé, créad adéarfaimíd? An ḃfuil Dia éagcóraċ, ag éirġe ċum feirge ḋó? (ag laḃairt ar nós na ndaoine atáim). 6 Nár leigiḋ Dia é: mar annsin cionnas ḃéarfas Dia breiṫ ar an saoġal? 7 Aċt má leaṫnuiġeann fírinne Dé cum a ġlóire de ḃárr mo ḃréige‐se, cad ċuige a dtugtar breiṫ orm‐sa mar ṗeacaċ ’n‐a ḋiaiḋ sin? 8 Agus cad ċuige ḋúinn gan an t‐olc do ḋéanaṁ ċum go dtiocfaḋ maiṫ as? (mar adeirtear go masluiġṫeaċ ’n‐ár dtaoḃ, daoine áiriṫe g‐á ráḋ go n‐abraimíd é). Is ceart na daoine úd do ċionntú. 9 Créad é, mar sin? An ḃfuil an scéal níor fearr againn ’ná tá aca‐san? Ní ḟuil ar ċor ar biṫ; mar ċruṫuiġeamar ċeana go ḃfuil an uile ḋuine, lúdaiġ agus Gréagaiġ, fá ċuing an ṗeacaiḋ; 10 mar tá scríoḃṫa, Ní ḟuil aon duine fíréanta ann, ní ḟuil duine aṁáin; 11 Ní ḟuil duine tuigseanaċ ann, Ní ḟuil duine loirgeas Dia; 12 Do ċlaonadar uile, d’imṫiġeadar uile ó ṁaiṫ; Ní ḟuil duine do‐ġní maiṫ ann, ní ḟuil oiread agus duine: 13 Is uaiġ oscailte a scórnaċ; Do‐rinneadar feall le n‐a dteangṫaċaiḃ: Atá niṁ naṫraċ fá n‐a bpusaiḃ: 14 Atá a mbéal lán d’eascainiḋe agus de ṡearḃas: 15 Atá a gcosa go luaṫ ċum fuil do ḋoirteaḋ; 16 Atá léirscrios agus an‐ṡóġ ’na sliġṫiḃ; 17 Agus níor aiṫniġeadar sliġe na síoṫċána: 18 Ní ḟuil eagla Dé os cóṁair a súl. 19 Anois, atá a ḟios againn, cibé niḋ adeir an dliġe, gur leis an dream atá fá’n dliġe adeir sí é; ċum go ndúntar gaċ béal agus go dtugtar an doṁan uile fá ḃreiṫeaṁnas Dé: 20 óir ní fíréanóċar duine ar biṫ ’n‐a ḟiaḋnaise tré oibreaċaiḃ dliġe: óir is tré ḋliġe ṫagas eolas an ṗeacaiḋ. 21 Aċt anois, atá fíréantaċt Dé do foillsiġeaḋ taoḃ amuiġ de’n dliġe, an dliġe agus na fáiḋí mar ḟiaḋnaiḋṫiḃ uirṫi: 22 is í sin fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas; óir níl aon idirḋealḃaḋ ann; 23 óir do rinne an uile ḋuine peacaḋ, agus atáid i n‐easbaiḋ glóire Dé; 24 aċt fíréanuiġtear iad i n‐aisce tré n‐a ġrása, tríd an ḃfuasclaḋ atá le fáġáil i nÍosa Críost: 25 an té do ċeap Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ċúiteaṁ tré ċreideaṁ ’n‐a ḟuil, ċum a ḟíréantaċt d’ḟoillsiú, ag déanaṁ neaṁ‐ċáis de na peacaiḋiḃ do ḃí déanta roiṁe sin, tré leor‐ḟoiġid Dé; 26 ċum a ḟíréantaċt do noċtaḋ san am so atá de láṫair: ionnas go mbéaḋ sé féin fírinneaċ, agus go ḃfíréanóċaḋ sé an té ċreideas i nÍosa. 27 Cia an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá ann, mar sin? Ní ḟuil sé ceaduiġṫe. Ag cia an dliġe? Ag dliġe na h‐oibreaċ, an eaḋ? Ní h‐eaḋ, aċt ag dliġe an ċreidiṁ. 28 Óir measaimíd go ḃfíréanuiġtear an duine tré ċreideaṁ, gan baint le h‐oibreaċaiḃ dliġe. 29 An é Dia Dia na n‐Iúdaċ aṁáin? 30 naċ é Dia na gCineaḋaċ é, ċoṁ maiṫ? Is é, is é Dia na gCineaḋaċ é ċoṁ maiṫ: má’s fíor gur ab é an t‐aon Dia aṁáin a ḟíréanóċas luċt an timċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ, agus luċt an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ. 31 Uime sin, an ag déanaṁ neaṁ‐niḋ de’n dliġe tríd an gcreideaṁ atáimíd? Nár leigiḋ Dia é: is ag daingniú an dliġe atáimíd. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society