Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Roṁánaċ 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 D’á ḃriġ sin atáir gan leiṫscéal, a ḋuine, cibé cia ṫú, do‐ḃeir breiṫ: óir ag breiṫ breiṫe ar ḋuine eile ḋuit, daorann tú ṫú féin; mar tusa do‐ḃeir breiṫ, cleaċtann tú na neiṫe céadna sin.

2 Agus atá a ḟios againn go ḃfuil breiṫeaṁnas Dé do réir na fírinne i n‐agaiḋ na ndaoine ċleaċtas neiṫe d’á leiṫéidiḃ.

3 Agus an measann tú, a ḋuine, do‐ḃeir breiṫ ar an dream ċleaċtas a leiṫéidí, agus tú féin g‐á ndéanaṁ, go n‐éileoċaiḋ tú ó ḃreiṫeaṁnas Dé?

4 Nó an beag is fiú leat saiḋḃreas a ṁór‐ṁaiṫeasa agus a ḟad‐ḟulaing agus a ḟoiġde, gan a ḟios agat gur ab é maiṫeas Dé atá gad’ ṫarraing ċum aiṫreaċais?

5 Aċt do réir do ḋúine agus do ċroiḋe aindiuidiġ atáir ag cur feirge i dtaisce ḋuit féin fá ċóṁair lae na diḃeirge, nuair foillseoċar ceart‐ḃreiṫeaṁnas Dé:

6 ḃearfas do gaċ duine do réir a ġníoṁarṫa:

7 an ḃeaṫa ṡíorraiḋe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐ṁarḃṫaċt, ag leanṁaint go foiġdeaċ do ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ:

8 aċt do’n dream ata ceanndána, naċ n‐uṁluiġeann do’n ḟírinne, aċt uṁluiġeas do’n éigceart,

9 fearg agus buile, anacair agus cráḋ do gaċ anam daonna do‐ġní an t‐olc, do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna;

10 aċt glóir agus onóir agus síoṫċáin do gaċ aoinneaċ do‐ġní an ṁaiṫ, do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna;

11 óir ní ḟuil meas ag Dia ar ṗearsain duine seaċas a ċéile.

12 Óir an méid daoine do rinne peacaḋ gan dliġe, is gan dliġe caillfear iad; agus an méid daoine do rinne peacaḋ, agus iad fá ḋliġe, is do réir dliġe béarfar breiṫ orṫa:

13 óir ní h‐iaḋ luċt éistiġṫe an dliġe atá fíréanta i ḃfiaḋnaise Dé, aċt is iad luċt cleaċtuiġṫe an dliġe fíréanóċar:

14 óir na Cineaḋaiġ, naċ ḃfuil dliġe aca, nuair do‐ġní siad as a nádúir féin an niḋ órduiġeas an dliġe, giḋ naċ ḃfuil dliġe aca féin, atáid ’n‐a ndliġe ḋóiḃ féin:

15 de ċionn go noċtann siad briġ an dliġe ḃeiṫ scríoḃṫa ar a gcroiḋeaċaiḃ, a gcoinsias mar ḟiaḋnaiḋe ḋóiḃ, agus a smaointe g‐á gcionntú,

16 nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiuḃraiḋ Dia breiṫ ar rúnaiḃ na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo ṡoiscéil‐se.

17 Aċt má tá ainm lúdaiġ ort, agus má’s ar an dliġe atá do ṡeasaṁ, agus má ṁaoiḋeann tú as Dia,

18 agus má’s eol duit a ṫoil, agus má ḟroṁann tú an cúrsa is fearr, agus má fuair tú teagasc ó’n dliġe,

19 agus má tá tú dearḃṫa go ḃfuilir féin id’ ṫreoraiḋe do luċt daille, id’ ṡolas do’n dream atá i ndorċadas,

20 id’ oide do luċt diṫ‐céilliḋe, id’ ṁúinteoir do leanḃaiḃ, toisc múnla an eolais agus na fírinne ḃeiṫ agat san dliġe;

21 tusa ṁúineas duine eile, an é naċ múineann tú ṫú féin? tusa ṡeanmóireas gan goid do ḋéanaṁ, an ndéanann tú féin goid?

22 tusa adeir naċ ceart do’n duine aḋaltrannas do ḋéanaṁ, an ndéanann tú féin aḋaltranas? túsa go ḃfuil fuaṫ d’íoḋalaiḃ agat, an ndéanann tú slad i dteamplaiḃ?

23 tusa ṁaoiḋeas as an dliġe, an dtugann tú easonóir do Ḋia tré ḃriseaḋ an dliġe?

24 Óir atá ainm Dé d’á ṁaslaḋ i measc na gCineaḋaċ mar ġeall oraiḃ‐se, mar tá scríoḃṫa.

25 Óir atá tairḃe san timċeall‐ġearraḋ má ċoiṁeádann tú an dliġe: aċt má ḃriseann tú an dliġe, atá do ṫimċeall‐ġearraḋ ’n‐a neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ agat.

26 D’á ḃriġ sin, má ċoiṁeádann an duine neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa a ḃfuil órduiġṫe san dliġe, naċ n‐áirṁfear a neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ mar ṫimċeall‐ġearraḋ ḋó?

27 agus an té atá neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa do réir nádúire, má ċoiṁeádann sé an dliġe, naċ dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas ort‐sa ḃriseas an dliġe, agus scriḃinn an dliġe agus an timċeall‐ġearrṫa agat?

28 Óir ní fír‐lúdaċ an duine atá ’na lúdaċ ar an taoḃ amuiġ, agus ní ṫimċeall‐ġearraḋ é sin atá ar an taoḃ amuiġ de’n ċolainn;

29 aċt is é an fír‐lúdaċ an té atá ’n‐a lúdaċ san taoḃ istiġ; agus is é an fír‐ṫimċeall‐ġearraḋ timċeall‐ġearraḋ an ċroiḋe, do réir an spioraid, ní do réir na scriḃinne; an té naċ molann daoine é, aċt go molann Dia é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan