Roṁánaċ 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Bíoḋ gaċ duine uṁal do luċt árd‐uġdaráis: óir ní ḟuil uġdarás ann naċ ó Ḋia ṫáinig sé; agus ba é Dia do ċuir ar bun iad‐san atá ann. 2 D’á ḃriġ sin, cibé duine ċuireas i n‐aġaiḋ an uġdaráis, is ag cur i n‐aġaiḋ órduiġṫe Dé atá sé: agus na daoine ċuireas ’n‐a aġaiḋ, glacfaiḋ siad daoraḋ ċuca féin. 3 Óir ní baoġal ar biṫ do luċt an déiġ‐ġníṁ na riaġlóirí, aċt do luċt an droċ‐ġníṁ. Arḃ ṁian leat ḃeiṫ gan eagla roiṁ an duine uġdarásaċ? déan an déiġ‐ġníoṁ, agus do‐ġeoḃaiḋ tú molad d’á ċionn; 4 óir is seirḃíseaċ Dé ċum do leasa é. Aċt má ġníonn tú an t‐olc, bíoḋ eagla ort; óir ní i n‐aisce iomċaras sé an claiḋeaṁ: óir is seirḃíseaċ Dé é ċum díoġaltas d’agairt ar an té ċleaċtas an t‐olc. 5 Uime sin ní foláir ḋuit ḃeiṫ uṁal, ní h‐é ar son na díḃeirge aṁáin, aċt ar son coinsiais. 6 Ar an aḋḃar sin is eaḋ íocas siḃ cáineaċa, óir is iad na h‐oifigí seirḃísiġ Dé, agus is leis an ngnó so go díreaċ do‐ġní siad a ndíċeall i gcóṁnaiḋe. 7 Taḃraiḋ a ċeart féin do’n uile ḋuine: cáin do’n té d’ar dual cáin; cíos do’n té d’ar dual cíos; ómós do’n té d’ar dual ómós; ónóir do’n té d’ar dual onóir. 8 Ná bíoḋ fiaċa ag aon duine oraiḃ, aċt aṁáin an gráḋ is ceart ḃeiṫ agaiḃ d’á ċéile: óir an té go ḃfuil gráḋ d’á ċóṁarsain aige, tá an dliġe cóiṁlíonta aige. 9 Óir na h‐aiṫeanta so, Ná déan aḋaltrannas, Ná déan goid, Ná déan sainnt, agus gaċ aiṫne eile, atáid uile cóṁairiṁṫe fá ḃriġ an ḃriaṫair seo, Gráḋóċair do ċóṁarsa mar gráḋuiġir ṫú féin. 10 Ní ḋéanann an gráḋ olc do’n ċóṁarsain: d’á ḃriġ sin is é an gráḋ cóiṁlíonaḋ an dliġe. 11 Agus is eol daoiḃ an aimsear atá ann fá láṫair, gur miṫid dúinn dúiseaċt ó’n suan: óir atá an slánuġaḋ níos giorra ḋúinn ’ná ḃí nuair ċreideamar ar dtús. 12 Atá an oiḋċe imṫiġṫe, naċ mór, atá an lá ċugainn: cuirimís dínn gníoṁarṫa an dorċadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais. 13 Siuḃlaimís go cneasta mar ḃéaḋ an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainṁiantaiḃ, ná le bruiġin agus le formad. 14 Aċt cuiriḋ umaiḃ an Tiġearna Íosa Críost, agus ná sanntuiġiḋ mianta na colna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ dóiḃ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society