Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Roṁánaċ 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, d’á ḃriġ sin, as uċt trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫairgsin mar ḃeoíoḋbairt naoṁṫa ṫaiṫneaṁaċ do Ḋia, mar is gníoṁ aḋarṫa réasúnta agaiḃ é.

2 Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.

3 Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.

4 Óir fá mar tá a lán ball i n‐aon ċorp aṁáin, agus naċ aon ġnó aṁáin a ḃíos ag na ballaiḃ uile;

5 mar sin dúinne, agus a lán againn ann, is aon ċorp aṁáin i gCríost sinn, agus is baill d’á ċéile sinn uile.

6 Uime sin, ó ṫárla tíoḋlaicṫe ar leiṫ ḃeiṫ againn, de réir cuimse an ġrása tugaḋ ḋúinn, má’s fáiḋeadóireaċt é, déanaimís do réir ár gcreidiṁ í;

7 nó má’s seirḃís é, cromaimís ar ár seirḃís; nó an té do‐ḃeir teagasc, luiġeaḋ sé isteaċ ar a ṫeagasc;

8 nó an té ḃrostuiġeas, taḃraḋ sé aire d’á ḃrostúġaḋ; an té roinneas, déanaḋ sé go fial é; an té riaġluiġeas, déanaḋ sé le dúṫraċt é; an té do‐ġní trócaire, déanaḋ sé le ríméad í.

9 Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ceilg. Bíoḋ fuaṫ agaiḃ do’n olc; claoiḋiḋ leis an gceart.

10 Le teas‐ġráḋ bráṫarḋa bíoḋ an‐ċion agaiḃ ar a ċéile; gaċ duine agaiḃ ag géilleaḋ d’á ċéile i gcúrsaiḃ onóra;

11 gan ḃeiṫ fallsa i ndúṫraċt; ḃeiṫ díoġraiseaċ i spiorad; ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna;

12 ag déanaṁ gáirdeaċais i ndóċas; go foiġdeaċ fá ġéirleanṁain;

13 go seasṁaċ san urnaiġe; ag caḃrú leis na naoṁaiḃ ’n‐a riaċtainisiḃ; ag cleaċtaḋ na féile.

14 Taḃraiḋ beannaċt do na daoiniḃ do‐ġní géirleanṁain oraiḃ; taḃraiḋ beannaċt agus ná taḃraiḋ mallaċt.

15 Déanaiḋ gáirdeaċas leis na daoiniḃ do‐ġní gáirdeaċas; déanaiḋ gol leis na daoiniḃ do‐ġní gol.

16 Bíḋiḋ ar aon intinn le ċéile. Ná biḋiḋ árd‐aiḋmeannaċ, aċt déanaiḋ muinntearḋas leis na daoiniḃ atá uṁal. Ná biḋiḋ glic ’n‐ḃur dtuairim féin.

17 Ná cúitiġiḋ an t‐olc i n‐éiric an uilc le duine ar biṫ. Loirgiḋ na neiṫe atá uasal i ḃfiaḋnaise an uile ḋuine.

18 Má’s féidir é, san méid ḃaineas liḃ féin, cóṁnuiġiḋ go síoṫċánta leis an uile ḋuine.

19 Ná h‐agraiḋ díoġaltas, a ċáirde ionṁaine, aċt leigiḋ d’ḟeirg Dé: óir, atá scríoḃṫa, Is liom‐sa an díoġaltas; is mise ċúiteoċas, adeir an Tiġearna.

20 Aċt má ḃíonn ocras ar do náṁaid, taḃair niḋ le n’iṫe ḋó; má ḃíonn tart air, taḃair deoċ le n’ól dó: g‐á ḋéanaṁ sin duit, béiḋ tú ag carnaḋ gríosaiġe ar a ċeann.

21 Ná leig do’n olc buaiḋ do ḃreiṫ ort, aċt beir‐se buaiḋ ar an olc le maiṫeas.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan