Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Roṁánaċ 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Adeirim d’á ḃriġ sin, Ar ḋiúltuiġ Dia d’á ṗobal? Nár leigiḋ Dia é. Óir is Israelíteaċ mé féin, duine de ṡlioċt Abraċaim, de ṫreiḃ Ḃeniamín.

2 Níor ḋiúltuiġ Dia d’á ṗobal d’aiṫin sé roiṁ ré. Naċ eol daoiḃ briaṫra na Scrioptúra, mar tráċtar ar Élias? cionnas mar ṗléiḋ sé le Dia i n‐aġaiḋ Israel,

3 A Ṫiġearna, atá t’ḟáiḋí marḃṫa aca, atá t’altóra leagṫa aca: agus ní ḟuil fágṫa aċt mise im’ aonar, agus táid ag sanntú m’anma.

4 Aċt cia an freagra ṫug Diá air? D’ḟágas seaċt míle fear agam féin go fóill, fir nár lúb glún roiṁ Ḃáal.

5 Ar an gcuma ċéadna sin, san am atá de láṫair, atá fuiġleaċ fágṫa do toġaḋ tré ġrása.

6 Agus má’s tré ġrása é, ní tré oibreaċaiḃ é a ṫuilleaḋ: nó ní ḃéiḋ grása ’n‐a ġrása ’n‐a ḋiaiḋ sin.

7 Créad eile? An niḋ go ḃfuil Israel ar a lorg, ní ḃfuair sé é; aċt fuair siad‐san do toġaḋ é, agus do cruaiḋeaḋ an ċuid eile aca:

8 mar tá scríoḃṫa, Ṫug Dia spiorad trom‐ṡuain dóiḃ, súile gan raḋarc, agus cluasa gan éisteaċt, go dti an lá so.

9 Agus adeir Dáiḃí, Go ndéantar dol, agus gaiste d’á mbórd, Agus ceap tuisliḋ, agus díoġaltas dóiḃ:

10 Go ndalltar a súile, ċum naċ ḃfeiciḋ siad, Agus cuir a ndromanna ar crom i gcóṁnaiḋe.

11 Adeirim, mar sin, Ar baineaḋ tuisleaḋ asta ċum go dtuitfidís? Nár leigiḋ Dia é: aċt de ḃárr a dtuitme is eaḋ ṫáinig slánuġaḋ ċum na gCineaḋaċ, ċum Israel do ġríosaḋ ċum éada.

12 Agus má’s saiḋḃreas do’n tsaoġal a dtuitim‐sean ar gcúl, agus má’s é saiḋḃreas na gCineaḋaċ a laġdú‐san, naċ móide go mór é a dteaċt i gcríċ?

13 Óir is liḃ‐se, a Ċineaḋaċa, atáim ag laḃairt, san méid gur mise abstal na gCineaḋaċ, móruiġim m’oifig:

14 d’ḟéaċain, má’s féidir ḋom, ar ċor ar biṫ, mo ḃráiṫre do réir feola do ḃrostú ċum éada, agus cuid aca do ṡlánú.

15 Óir má’s é réiḋteaċ an tsaoġail ṫáinig as diúltaḋ ḋóiḃ, créad ḃéas ann, má glactar leo aṫuair, aċt beaṫa ó na marḃaiḃ?

16 Agus má tá an ċéad ċuid (de’n taois) naoṁṫa, atá an cnap uile naoṁṫa, agus má tá an ḟréaṁ naoṁṫa, atá na géaga naoṁṫa mar an gcéadna.

17 Aċt má tá cuid de na géagaiḃ briste, agus gur nóduiġeaḋ ṫusa ’n‐a measc, ar mbeiṫ ḋuit id’ ola‐ċrann fiaḋain, rann‐ṗáirteaċ leo i ḃfréiṁ agus i suġ an ola‐ċrainn:

18 ná déan maoiḋṁeaċas i n‐aġaiḋ na ngéag. Aċt má ġníonn tú maoiḋṁeaċas, ní tusa atá mar ṫaca leis an ḃfréiṁ, aċt is í an ḟréaṁ atá mar ṫaca leat‐sa.

19 Adéarfaiḋ tú annsin, Do briseaḋ na géaga ċum go nódóċaiḋe mise isteaċ.

20 Is fíor sin: aċt is de ḋeascaiḃ mí‐ċreidiṁ do briseaḋ iad de, agus is tré ċreideaṁ ṡeasas tusa. Ná bí mór‐ḋálaċ, aċt bíoḋ eagla ort:

21 óir munar spáráil Dia na géaga dúṫċasaċa, ní móide go spáráilfiḋ sé ṫusa.

22 Féaċ anois maiṫeas agus buirbe Dé; a ḃuirbe do na daoiniḃ do ṫuit; aċt a ṁaiṫeas duit‐se, má ċlaoiḋeann tú le n‐a ṁaiṫeas: muna gclaoiḋeann, gearrfar ṫú ḋe, mar an gcéadna.

23 Agus nódóċar iad‐san isteaċ, leis, muna gclaoiḋid le mí‐ċreideaṁ: óir atá ar ċumas Dé iad do nódú isteaċ aṫuair.

24 Óir má gearraḋ ṫú d’ola‐ċrann atá fiaḋain de réir dúṫċais, agus má nóduiġeaḋ ṫú, i n‐aġaiḋ dúṫċais, i n‐ola‐ċrann maiṫ; naċ mó ’ná sin go mór nódóċar iad‐san, géaga dúṫċasaċa, ’n‐a n‐ola‐ċrann féin?

25 Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;

26 ar ċuma go slánóċar Israel ar fad: de réir mar tá scríoḃṫa, Tiocfaiḋ as Síon an Fuascaltóir: Tionntóċaiḋ sé neiṁḋiaḋaċt ó Iácób:

27 Agus is é seo mo ṫiomna ḋóiḃ, Nuair ġlanfad a bpeacaiḋe ḋíoḃ.

28 I dtaoḃ an tsoiscéil, atáid‐sean ’n‐a náiṁdiḃ ar ḃur son‐sa: aċt i dtaoḃ an toġa, atá gráḋ ag dul dóiḃ ar son na sinnsear.

29 Óir ní ṫéiġeann Dia siar ar a ḃronntanaisiḃ agus ar a ġairm.

30 Mar an gcéadna ḃí siḃ‐se easuṁal do Ḋia roiṁe seo, aċt fuair siḃ trócaire anois tré n‐a n‐easuṁlaċt‐san,

31 mar an gcéadna ḃíodar‐san easuṁal, ċum go ḃfaiġdís trócaire de ḃárr na trócaire tugaḋ ḋaoiḃ‐se.

32 Óir do ċuir Dia an uile ḋuine i nglasaiḃ an ṁí‐ċreidiṁ, ċum go ndéanfaḋ sé trócaire ar an uile ḋuine.

33 Ó naċ doiṁin é saiḋḃreas eagna agus eolais Dé! naċ do‐rannsuiġṫe iad a ḃreiṫeaṁnaċais, naċ do‐lorgṫa iad a ṡliġṫe!

34 Cia h‐é go raiḃ eolas eagna an Tiġearna aige? nó cia h‐é do ḃí ’n‐a ċóṁairleoir aige?

35 Nó cia h‐é ṫug niḋ ar dtús dó, agus go ḃfaiġiḋ sé cúiteaṁ d’á ḃárr?

36 Óir is uaiḋ‐sean, agus is ṫríd‐sean atá an uile niḋ ann. Aige‐sean go raiḃ an ġlóir go síorraiḋe. Amen.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan