Roṁánaċ 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 A ḃráiṫre, is é roġa mo ċroiḋe, agus is é mo ġuiḋe ċum Dé ar a son‐san go slánóċar iad. 2 Óir do‐ḃeirim m’ḟiaḋnaise ’n‐a dtaoḃ go ḃfuil díoġrais ċum Dé aca, aċt naċ do réir eolais í. 3 Óir, ar mbeiṫ gan eolas ar ḟíréantaċt Dé ḋóiḃ, agus iad d’iarraiḋ a ḃfíréantaċt féin do ḃunaḋ, níor uṁluiġeadar d’ḟíréantaċt Dé. 4 Óir is é Críost foirċeann na dliġe ċum an uile ḋuine ċreideas d’ḟíréanú. 5 Mar scríoḃann Maois ar an ḃfíréantaċt ṫig ó’n dliġe, An té ċleaċtas na neiṫe sin, go mairfiḋ sé d’á mbárr. 6 Aċt is mar so laḃras an ḟíréantaċt ṫig ó ċreideaṁ, Ná h‐abair id’ ċroiḋe, Cia raċfas suas ar neaṁ? (is ionann sin agus Críost do ṫaḃairt anuas); 7 nó, cia raċfas síos san aiḃéis? (is ionann sin agus Críost do ṫaḃairt aníos ó na marḃaiḃ). 8 Aċt créad adeir sí? Atá an briaṫar i ngar duit, id’ ḃéal agus id’ ċroiḋe: 9 is é sin briaṫar an ċreidiṁ ḟógraimíd‐ne: má adṁuiġeann tú led’ ḃéal gur Tiġearna Íosa, agus má ċreideann tú id’ ċroiḋe gur ṫóg Dia ó na marḃaiḃ é, go slánóċar ṫú: 10 óir is leis an gcroiḋe ċreideas an duine ċum fíréantaċta; agus is leis an mbéal do‐ġní sé adṁáil ċum slánuiġṫe. 11 Óir adeir an scrioptúir, Cibé ċreideas ann, ní náireoċar é. 12 Óir ní ḟuil deifir ar biṫ idir an Iúdaċ agus an Gréagaċ: mar is ionann Tiġearna do’n uile ḋuine, agus atá saiḋḃreas aige do gaċ duine ġlaoḋas air: 13 óir cibé duine ġlaoḋas ar ainm an Tiġearna, slánóċar é. 14 Aċt cionnas ġlaoḋfas siad ar an té nár ċreideadar ann? agus cionnas ċreidfeas siad san té nár airiġeadar? agus cionnas aireoċas siad gan seanmóiriḋe? 15 agus cionnas ḋéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad ċuige? mar atá scríoḃṫa, Naċ áluinn iad cosa na ndaoine do‐ḃeir deaġ‐scéala áṫais! 16 Aċt níor éist an uile ḋuine leis na deaġ‐scéalaiḃ. Mar adeir Ésáias, A Ṫiġearna, cia ċreid ár dtuairisc? 17 Uime sin, is tré éisteaċt ṫig creideaṁ, agus is tré ḃriaṫar Ċriost ṫig éisteaċt. 18 Aċt fiafruiġim‐se, Nár airiġeadar? D’airiġeadar cinnte, Do leaṫ a nglór ar fud an doṁain uile, Agus a mbriaṫra go foirċeann an doṁain. 19 Aċt fiarfuiġim, Nár ṫuig Israel? Ar dtús is é adeir Maois, Cuirfead éad oraiḃ ċum náisiúin naċ ḃfuil ’n‐a náisiún, Cuirfead fearg oraiḃ le náisiún gan ċéill. 20 Agus éiriġeann Ésáias an‐dána, g‐á ráḋ, Daoine nár loirg mé, fuaradar‐san mé; Do’n dream naċ raiḃ gam’ lorg, d’ḟoillsiġeas mé féin. 21 Aċt is dtaoḃ Israel is é adeir sé, Do ṡíneas mo láṁa amaċ ar feaḋ an lae uile, Ċum pobail easuṁla ċonspóidiġ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society