Neaḃruiḋeaċ 8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois, is é an poinnte is táḃaċtaiġe de’n méid atá ráiḋte againn: Atá a leiṫéid d’árd‐ṡagart againn, atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta ins na flaiṫeasaiḃ, 2 do‐ġní frioṫáileaṁ san tsanctóir agus san ḃfíor‐ṫabernacal, nár ḋaoine, aċt gurḃ é an Tiġearna do ṡuiḋiġ é. 3 Óir órduiġtear gaċ árd‐ṡagart ċum taḃartaisí agus íoḋbarṫa d’ofráil: agus d’á ḃriġ sin ní foláir do’n árd‐ṡagart niḋ éigin ḃeiṫ aige le n’íoḋbairt. 4 Óir dá mbéaḋ sé ar talaṁ ní ḃéaḋ sé ’n‐a ṡagart ar ċor ar biṫ, toisc sagairt ofrálas taḃartaisí de réir an dliġe ḃeiṫ ann; 5 fir do‐ġní frioṫáileaṁ ar ṡompla agus ar scáil na neiṫe neaṁḋa, fá mar fuair Maois fógra agus é ar tí an tabernacal do ḋéanaṁ: Óir féaċ ċuige ars’ sé, go ndéanaiḋ tú gaċ uile niḋ do réir an tsompla do taisbeánaḋ ar an gcnoc duit. 6 Aċt anois is fearr go mór an ṁiniostrálaċt fuair sé, san méid gur idirṁeaḋontóir connarṫa níos fearr é, connraḋ atá bunuiġṫe ar ġeallaṁna ċaiḃ níos fearr. 7 Óir dá mbéaḋ an ċéad ċonnraḋ úd saor ó loċt, ní ḃéaḋ an dara connraḋ i gceist. 8 Óir is g‐á loċtú atá an Tiġearna, agus e g‐á raḋ, Féaċ, atá na laeṫe ag teaċt, adeir an Tiġearna, ’N‐a gcuirfead connraḋ nua ar bun le teaġlaċ Israel agus le teaġlaċ lúda: 9 Connraḋ naċ mbéiḋ cosṁail leis an gconnraḋ do rinneas le n‐a sinnsearaiḃ, San lá ’n‐a rugas ar láiṁ orṫa g‐á dtreorú amaċ as tír na hÉigipte: Óir níor ṡeasuiġeadar i mbun mo ċonnarṫa, Agus d’iompuiġeas uaṫa, adeir an Tiġearna. 10 Óir is é seo an connraḋ ḋéanfad le teaġlaċ Israel Tar éis na laeṫe úd, adeir an Tiġearna: Cuirfead mo ḋliġṫe isteaċ ’n‐a n‐aigne, Agus scríoḃfad ar a gcroiḋe iad: Agus béiḋead im’ Ḋia aca, Agus béiḋ siad‐san ’n‐a bpobal agam: 11 Agus ní ṁúinfiḋ gaċ duine a ċóṁarsa, Agus gaċ duine a ḃráṫair, g‐á ráḋ, Bíoḋ aiṫne agat ar an Tiġearna: Óir béiḋ aiṫne ag gaċ uile ḋuine orm, Ó’n té is luġa go dtí an té is mó ḋíoḃ. 12 Óir déanfad tróċaire ar a mí‐ġníoṁarṫaiḃ Agus ní ċuiṁneoċad a ṫuilleaḋ ar a bpeacaiḋiḃ. 13 Ġ‐á ráḋ ḋó, Connraḋ nua, is aṁlaiḋ atá an ċéad ċonnraḋ curṫa i seandaċt aige. Aċt an niḋ atá ag éirġe sean agus ag dul i n‐aois, is gearr uaiḋ dul as ar fad. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society