Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Óir an Melcisedec so, rí Ṡálem, sagart an Dé is áirde, do ṫeagṁuiġ sé le hAbraċaim ag filleaḋ ar ais dó ó ár na ríoġ,

2 agus ṫug beannaċt dó, d’á dtug Abraċam an deaċṁaḋ cuid de’n uile niḋ (ar mbeiṫ ḋó, ar n‐a ṁíniú, Rí na fíréantaċta, agus Rí Ṡálem,

3 leis, is é sin Rí na síoṫċána, gan aṫair, gan máṫair, gan geinealaċ, gan tosaċ laeṫe ná deireaḋ saoġail, aċt do rinneaḋ cosṁail le Mac Dé), fanann sé ’n‐a ṡagart de ṡíor.

4 Breaṫnuiġiḋ anois a áirde i gcéim do ḃí an fear so d’á dtug Abraċam paitriarċa an deaċṁaḋ cuid de’n éadáil dob’ ḟearr.

5 Agus an méid de ċlann‐ṁac Léḃí do‐ġeiḃ órd sagartaċta, atá sé de ċeart aca, do réir an dliġe, deaċṁaiṫe do ġearraḋ ar an bpobal, is é sin ar a mbráiṫriḃ, bíoḋ go dtáinig siad as leasraċaiḃ Abraċaim:

6 aċt an té naċ n‐áirṁṫear mar ḋuine d’á ġeinealaċ, do ġlac sé deaċṁaiṫe ó Abraċam, agus do ḃeannuiġ sé an té go raiḃ na geallaṁnaċa aige.

7 Agus gan ceist ar biṫ is é an té is luġá beannuiġtear ó’n té is mó.

8 Agus annso do‐ġeiḃ daoine so‐ṁarḃṫa deaċṁaiṫe; aċt annsúd an té do‐ġeiḃ iad, tugtar fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go maireann sé.

9 Agus féadtar a ráḋ, Léḃí, fuair deaċṁaiṫe, gur íoc sé deaċṁaiṫe tré Abraċam;

10 óir do ḃí sé fós i leasraċaiḃ a aṫar nuair casaḋ Melcisedec leis.

11 Anois má ḃí lán‐ḟoirḃeaċt le fáġáil de ḃárr na sagartaċta Léḃíticiġe (óir is fá’n sagartaċt sin fuair an pobal an dliġe), cia an gáḃaḋ do ḃí le sagart eile d’éirġe do réir úird Ṁelcisedec, gan a áireaṁ mar ḃéaḋ sé do réir úird Aáróin?

12 Óir nuair aṫruiġtear an tsagartaċt, ní foláir aṫrú dliġe do ḋéanaṁ, leis.

13 Óir an té go n‐abartar na neiṫe seo ’n‐a ṫaoḃ, baineann sé le treiḃ eile, naċ ndearna aon duine ḋi frioṫáileaṁ na h‐altóra ariaṁ.

14 Óir is léir gur ṡíolruiġ ár dTiġearna ó ṫreiḃ Iúda; treaḃ nár laḃair Maois éinniḋ ḃaineas leis an sagartaċt ’n‐a taoḃ.

15 Agus is mó is léire é nuair éiriġeann sagart eile, i gcosaṁlaċt Ṁelcisedec,

16 do rinneaḋ, níorḃ é do réir dliġe aiṫne saoġalta, aċt do réir cuṁaċta beaṫaḋ síor‐ḃuaine:

17 óir atá an ḟiaḋnaise seo ann ’n‐a ṫaoḃ, Is sagart go síorraiḋe ṫú, Do réir úird Ṁelcisedec.

18 Óir atá aiṫne do ḃí ann roiṁe sin d’á cur ar ceal, toisc í ḃeiṫ lag,

19 gan tairḃe (óir níor ċuir an dliġe éinniḋ i gcríċ), agus atá dóċas is fearr ’ná í, tré n‐a ndruidimíd i ngiorraċt do Ḋia, d’á ṫaḃairt isteaċ.

20 Agus de ḃriġ naċ ndearnaḋ sagart de gan mionn

21 (óir do rinneaḋ sagart díoḃ‐san gan mionn), aċt do rinneaḋ sagairt de’n té úd le mionn tríd an té aduḃairt leis, Do ḋearḃuiġ an Tiġearna, agus ní aṫróċaiḋ sé a aigne, Is sagart go síorraiḋe ṫú;

22 Is móide go mór is fearr an connraḋ Íosa ḃeiṫ mar urrḋas air.

23 Agus is fíor go ndearnaḋ sagairt d’á lán mór díoḃ‐san, de ċionn nár leig an bás dóiḃ maireaċtain i gcóṁnaiḋe:

24 aċt de ḃriġ go maireann seisean go síorraiḋe, atá sagartaċt síor‐ḃuan aige.

25 D’á ḃriġ sin atá ar ċumas dó na daoine ṫig ċum Dé tríd do ṡlánú ar fad, de ḃriġ go maireann sé beo i gcóṁnaiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéanaṁ ar a son.

26 Óir is é a ṫeastuiġ uainn a leiṫéid d’árd‐ṡagart atá naoṁṫa, gan cionnta, gan smál, d’á ḋealú ó ṗeacaċaiḃ,

27 agus é níos áirde ’ná na flaiṫis: naċ gáḃaḋ ḋó, ar nós na n‐árd‐ṡagart úd, íoḋbarṫa d’ofráil go laeṫeaṁail, ar son a ṗeacaiḋe féin ar dtús, agus ar son peacaiḋe an ṗobail ’n‐a ḋiaiḋ sin: óir do rinne sé an t‐aon uair aṁáin é, d’á ofráil féin mar íoḋbairt.

28 Óir do‐ġní an dliġe sagairt d’ḟearaiḃ naċ ḃfuil saor ó laige; aċt briaṫar an ṁionna, ṫáinig i ndiaiḋ na dliġe, d’órduiġ sé Mac atá foirḃiġṫe go deo.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan