Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin fágaimís céad‐riaġlaċa bun‐teagaisc Ċríost ’n‐ár ndiaiḋ, agus téiġmís ar aġaiḋ ċum lán‐ḟoirḃṫeaċta; gan ḃeiṫ arís ag leagaḋ buin aiṫreaċais ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa, agus creidiṁ i nDia,

2 agus teagaisc fá ḃaisteaḋ, agus fá leagaḋ láṁ, agus fá aiséirġe na marḃ, agus fá’n mbreiṫeaṁnas síorraiḋe.

3 Agus is é rud ḋéanfaimíd, de ḋeoin Dé.

4 Óir na daoine fuair soillsiú, agus do ḃlais an tíoḋlacaḋ neaṁḋa, agus do rinneaḋ rannṗáirteaċ san Spiorad Naoṁ,

5 agus do ḃlais deaġ‐ḃriaṫar Dé agus cuṁaċt an tsaoġail atá le teaċt,

6 agus do ṫuit ar gcúl ’n‐a ḋiaiḋ sin, ní féidir a dtaḃairt ċum aiṫriġe arís, de ḃriġ go ḃfuilid ag aiṫ‐ċéasaḋ Ṁic Dé ḋóiḃ féin, agus ag déanaṁ aḋḃar scannail de.

7 Óir an talaṁ ṡúġas isteaċ an ḃáisteaċ ṫuiteas go minic air, agus do‐ḃeir luiḃeanna ḟóġnas do na daoiniḃ go saoṫruiġṫear é ar a son, bíonn beannaċt Dé air;

8 aċt má ḃeireann sé driseaċ agus feoċadáin, baintear deireaḋ dúile ḋe; tá sé i mbaoġal a ṁalluiġṫe, agus is é a ḋeireaḋ a loscaḋ.

9 Aċt, a ċáirde ionṁaine, má tá féin go ḃfuilim ag laḃairt ar an gcuma so, is deiṁin linn gur fearr ’ná sin atá na neiṫe agaiḃ‐se, neiṫe atá ag teaċt leis an slánuġaḋ:

10 óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.

11 Agus is é is mian liom go dtaisbeánfaḋ gaċ duine agaiḃ an dúṫraċt ċéadna ċum lán‐dearḃṫaċt dóċais do ċoṫú go deireaḋ:

12 ċum naċ n‐éireoċaḋ siḃ leisceaṁail, aċt go ndéanfaḋ siḃ aiṫris ar na daoiniḃ fuair na geallaṁnaċa mar oiḋreaċt de ḃárr creidiṁ agus foiḋne.

13 Óir nuair ṫug Dia geallaṁain d’Abraċam, de ḃriġ nár ḟéad sé a ḋearḃú ar aoinneaċ ba ṁó, do ḋearḃuiġ sé air féin,

14 g‐á ráḋ, Go cinnte beannóċad agus beannóċad ṫú, agus méadóċad agus méadóċad ṫú.

15 Agus mar sin, tar a éis dó fanaṁain go foiġdeaċ, fuair sé a raiḃ geallta ḋó.

16 Óir dearḃuiġeann daoine ar an té atá níos mó ’ná iad féin, agus cuireann an dearḃú deireaḋ le gaċ conspóid ḃíos eadorṫa.

17 Uime sin, ó ṫárla gur ṁian le Dia buain‐tseasṁaċt a raiḃ ceapṫa aige i gcóṁair oiḋrí na geallaṁna do ṫaisbeáint níos cruinne, ṫug sé an mionn isteaċ:

18 ionnas tré ḋá niḋ ḃuain‐tseas‐ṁaċa, naċ féidir go ndéanfaḋ Dia bréag ionnta, go mbéaḋ árd‐ṁeisneaċ againne do ṫeiċ ar scáṫ dídeana ċum breiṫe ar an dóċas atá curṫa róṁainn;

19 dóċas atá mar ancaire anma againn, agus é daingean, díongṁálta, mar téiġeann sé isteaċ san naoṁ‐áit taoḃ ṫiar de’n ḃrat;

20 mar a ndeaċaiḋ Íosa isteaċ mar réiṁ‐ṫeaċtaire ar ár son, ’n‐a árd‐ṡagart dó go síorraiḋe do réir úird Ṁelcisedec.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan