Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Óir gaċ árd‐ṡagart d’á dtógtar as lár na ndaoine, órduiġtear é ar son na ndaoine san méid ḃaineas le Dia ċum tíoḋlaicṫe agus íoḋbarṫa d’ofráil ar son na bpeacaḋ:

2 agus is fear é, gur féidir leis gan ḃeiṫ ro‐ḋian ar na daoiniḃ ṫéiġeas amuḋa tré aineolas, de ċionn naċ ḃfuil sé féin gan a ċion féin de’n laige.

3 Ar an aḋḃar sin atá d’ḟiaċaiḃ air íoḋbairt do ḋéanaṁ i n‐éiric na bpeacaḋ, ní h‐é aṁáin ar son an ṗobail, aċt ar a ṡon féin, leis.

4 Agus ní ġlacann aon duine an onóir seo ċuige féin, aċt aṁáin nuair ġeiḃeann sé an ġairm ó Ḋia, mar fuair Aáron.

5 Ar an gcuma ċéadna níorḃ uaiḋ féin do ġlac Críost an onóir ċuige féin go ndéanfaiḋe sagart de, aċt ó’n té aduḃairt leis, Is tusa mo Ṁac, Indiu do ġeineas ṫú:

6 mar aduḃairt sé i n‐áit eile, leis, Is sagart go síorraiḋe ṫú, Do réir úird Ṁelcisidec.

7 Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,

8 is eisean, giḋ gur Ṁac é, d’ḟoġlaim uṁlaċt de ḃárr ar ḟulaing sé:

9 agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó;

10 d’á ainmniú ag Dia mar árd‐ṡagart do réir úird Ṁelcisidec.

11 Tá mórán againn le ráḋ ’n‐a ṫaoḃ‐san, agus is deacair a ṁíniú de ċionn go ḃfuil maill‐eisteaċt oraiḃ.

12 Óir nuair ba ċeart daoiḃ fá’n am so ḃeiṫ ’n‐ḃur múinteoiriḃ, is aṁlaiḋ atá gáḃaḋ agaiḃ le duine do ṁúinfeaḋ céad‐riaġlaċa briaṫair Dé ḋaoiḃ; agus atá siḃ i rioċt daoine gur mó atá bainne d’uireasbaiḋ oraiḃ’ ná biaḋ tacaṁail.

13 Óir gaċ duine beaṫuiġtear ar ḃainne, atá sé gan taiṫiġe ar ḃriaṫar na fíréantaċta: leanḃ is eaḋ é.

14 Aċt is le h‐aġaiḋ daoine fásta atá an biaḋ tacaṁail, le h‐aġaiḋ na ndaoine a mbíonn sé de ċleaċtaḋ ag a gcéadfaiḋiḃ corparḋa an ṁaiṫ d’aiṫint ṫar an olc.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan