Neaḃruiḋeaċ 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost; 2 do ḃí dílis do’n té d’órduiġ é, mar ḃí Maois ’n‐a ṫiġ‐sean uile. 3 Óir do measaḋ gurḃ ḟiú eisean onóir san mbreis ar Ṁaois, san méid gur mó an onóir atá ag dul do’n té do ṫóg an teaċ ’ná do’n tiġ féin. 4 Óir do ṫóg duine éigin gaċ teaċ; aċt is é Dia do ṫóg gaċ a ḃfuil ann. 5 Agus go dearḃṫa, do ḃí Maois dílis mar ṡeirḃíseaċ ’n‐a ṫiġ‐sean uile, ċum fiaḋnaise do ṫaḃairt ar na neiṫiḃ do ḃí le h’innsin ’n‐a ḋiaiḋ sin; 6 aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ. 7 Uime sin, mar deir an Spiorad Naoṁ, Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ, 8 Ná cruaḋuiġiḋ ḃúr gcroiḋeaċa, aṁail le linn na ceannairce, Aṁail i lá an ċaṫuiġṫe san ḃfásaċ, 9 San áit ’n‐a ndearna ḃur sinnsir fróṁaḋ orm, Agus ’n‐a ḃfacadar m’oibreaċa ar feaḋ ḋá ḟiċid bliaḋan. 10 D’á ḃriġ sin do ḃíos i ḃfeirg leis an ngeinealaċ úd; Agus aduḃart, Bíonn siad i gcóṁnaiḋe ag dul amuḋa ’n‐a gcroiḋe: Agus do ḃíodar gan eolas ar mo ṡliġṫiḃ; 11 Mar mionnuiġeas im’ ḟeirg, Ní raċaiḋ siad isteaċ im’ ṡuaiṁneas. 12 Taḃraiḋ aire, a ḃráiṫre, ar eagla go mbéaḋ droċ‐ċroiḋe dí‐ċreidṁeaċ am ar biṫ i n‐aon duine agaiḃ, go dtréigfeaḋ siḃ an Dia beo: 13 aċt biḋiḋ ag brostú a ċéile lá i ndiaiḋ lae, a ḟaid agus glaoḋtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruaḋóċaiḋe aon duine 14 agaiḃ le meaḃlaireaċt an ṗeacaiḋ óir do rinneaḋ sinn rannṗáirteaċ le Críost, aċt go gcongḃuiġmíd ár gcéad ṁuiniġin go deireaḋ; 15 a ḟaid agus deirtear, Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ, Ná ċruaḋuiġiḋ ḃur gcroiḋeaċa, aṁail le linn na ceannairce. 16 Óir ciarḃ iad do ċuala agus do rinne ceannairc? Nárḃ iad‐san go léir ṫáinig as an Éigipt i n‐éinḟeaċt le Maois iad? 17 Agus cia leo go raiḃ Dia i ḃfeirg ar feaḋ ḋá ḟiċid bliaḋan? Nárḃ iad‐san do rinne peacaḋ iad, gur ṫuit a gcuirp san ḃfásaċ? 18 Agus ciarḃ iad gur ḋearḃuiġ sé ḋóiḃ naċ racaidís isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, aċt iad‐san aṁáin do ḃí easuṁal? 19 Ċímíd, d’á ḃriġ sin, nár ḟéadadar dul isteaċ ann mar ġeall ar easbaiḋ creidiṁ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society