Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 D’á ḃriġ sin is mó is ċeart dúinn aire ḋúṫraċtaċ do ṫaḃairt do na neiṫiḃ do ċualamar, ar eagla go raċaimís ar fán uaṫa.

2 Óir má d’ḟan an briaṫar d’ḟógair na h‐aingle seasṁaċ, agus go ḃfuair gaċ cionnta agus easuṁlaċt cúiteaṁ;

3 cionnas éalóċaimíd‐ne má ḋéanaimíd failliġe i slánuġaḋ ċóṁ mór sin? do fógruiġeaḋ ar dtús tríd an Tiġearna, agus do dearḃuiġeaḋ ḋúinn tré na daoiniḃ do ċuala é;

4 Dia ag deiṁniú a ḃfiaḋnaise le cóṁarṫaiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ, agus le míorḃailtiḃ éagsaṁla, agus le tíoḋlaicṫiḃ an Spioraid Naoiṁ, do réir a ṫola féin?

5 Óir ní d’aingliḃ ṫug sé ceannas an tsaoġail atá le teaċt, ar a ḃfuilmíd ag tráċt.

6 Aċt ṫugaḋ fiaḋnaise i n‐áit éigin, ’g‐á ráḋ, Créad é an duine, go gcuiṁniġeann tú air? Nó mac an duine, go dtagann tú ċuige?

7 Do rinnis níb’ ísle ’ná na h‐aingle é, ar feaḋ tamaill ḃig; Do ċuiris coróin glóire agus onóra air, Agus do ċuiris os cionn oibreaċ do láṁ é

8 Do ċuiris gaċ uile niḋ fá n‐a ċosaiḃ. Óir, ag cur an uile niḋ fá n‐a ċeannas dó, níor ḟág sé einniḋ gan ḃeiṫ curṫa faoi. Aċt ní ḟeicimíd anois gaċ niḋ fá n‐a ċeannas aige fós.

9 Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.

10 Óir ba ċuiḃe do’n té, gur dó atá an uile niḋ, agus gur tríd atá an uile niḋ, ag taḃairt móráin clainne ċum glóire ḋó, príoṁ‐uġdar a slánuiġṫe d’ḟoirḃiú tré n‐ar ḟulaing sé.

11 Óir an té naoṁuiġeas agus na daoine naoṁuiġtear, is ó uġdar aṁáin ṫáinig siad: uime sin ní nár leis bráiṫre do ṫaḃairt mar ainm orṫa,

12 g‐á ráḋ, Fógróċad d’ainm dom’ ḃráiṫriḃ, Canfad do ċlú i lár an ċoiṁṫionóil.

13 Agus arís, Cuirfead mo ṁuiniġin as. Agus arís, Féaċ, mise agus an ċlann ṫug Dia ḋom.

14 D’á ḃriġ sin, ó tá an ċlann rannṗáirteaċ i ḃfeoil agus i ḃfuil, do ġlac sé féin, leis, páirt ionnta; ċum go mbrisfeaḋ sé, de ḃárr an ḃáis, ċuṁaċt an té go raiḃ cuṁaċt an ḃáis aige, is é sin an diaḃal;

15 agus ċum go saorfaḋ sé na daoine uile do ḃí fá ċuing na daoirse ar feaḋ a saoġail tré eagla an ḃáis.

16 Óir go dearḃṫa, ní ċum na n‐aingeal ṫig sé le congnaṁ, aċt ċum sleaċta Abraċaim.

17 Ar an aḋḃar sin ba ċóir go ndéanfaiḋe é cosṁail ar gaċ sliġe le n‐a ḃráiṫriḃ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a árd‐ṡagart trócaireaċ, ionnraic ins na neiṫiḃ ḃaineas le Dia, ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ as peacaiḋiḃ an ṗobail.

18 Óir do réir mar ḟulaing sé féin caṫuiġṫe, is eaḋ is fearr ḟéadann sé fóiriṫin ar na daoiniḃ go gcurtar caṫuiġṫe orṫa.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan