Neaḃruiḋeaċ 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Bíoḋ gráḋ bráṫarḋa i gcóṁnaiḋe eadraiḃ. 2 Ná déanaiḋ dearmad ar ḟáilte d’ḟearaḋ roiṁ ċoiṁṫiġṫeaċaiḃ: óir g‐á ḋéanaṁ sin, ṫug daoine 3 áiriṫe aoiḋeaċt d’aingliḃ gan a ḟios dóiḃ féin. Cuiṁniġiḋ ar na priosúnaċaiḃ, fá mar ḃéaḋ siḃ ceangailte i n‐éinḟeaċt leo; ar na daoiniḃ atá ag fáġáil íosbairte, fá mar tá siḃ féin i rioċt corporḋa. 4 Bíoḋ an pósaḋ fá onóir ag cáċ, agus bíoḋ an leabaiḋ gan truailleaḋ: óir ḃéarfaiḋ Dia breiṫeaṁnas ar luċt drúise agus aḋaltrannais. 5 Biḋiḋ saor ó ġráḋ an airgid; sásta leis an méid atá agaiḃ: óir aduḃairt sé féin, Ní ċlisfead ort, agus ní ṫréigfead go deo ṫú. 6 D’á ḃriġ sin tig linn a ráḋ gan eagla, Is é an Tiġearna mo ċongantóir; ní ḃéiḋ eagla orm: Créad atá ar ċumas an duine do ḋéanaṁ ḋom? 7 Cuiṁniġiḋ ar ḃur dtreoraiḋṫiḃ, do laḃair briaṫar Dé liḃ; breaṫnuiġiḋ deireaḋ a saoġal ar talaṁ, agus déanaiḋ aiṫris ar a gcreideaṁ. 8 Atá Íosa Críost gan aṫrú indé, indiu agus go síorraiḋe. 9 Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad. 10 Atá altóir againne naċ ḃfuil sé de ċead ag an dream ḟrioṫáileas ar an tabernacal éinniḋ d’iṫe ḋe. 11 Óir cuirp na n‐ainṁiḋe go dtugann an t‐árd‐ṡagart a gcuid fola isteaċ san áit naoṁṫa, dóiġtear iad taoḃ amuiġ de’n ċampa. 12 Ar an aḋḃar sin d’ḟulaing Íosa, leis, taoḃ amuiġ de’n ġeata, ċum go naoṁóċaḋ sé an pobal le n‐a ḟuil féin. 13 D’á ḃriġ sin imṫiġmís amaċ as an gcampa ċuige, ag iomċar a ṁasla. 14 Óir ní caṫair ċóṁnuiġṫeaċ atá againn annso, aċt is aṁlaiḋ atáimíd ag tnúṫ le caṫair atá le teaċt. 15 Uime sin ofráilimís íoḋbairt aḋṁolta do Ḋia i gcóṁnaiḋe, is é sin toraḋ ár mbeola adṁuiġeas a ainm. 16 Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia. 17 Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa. 18 Guiḋiḋ orainne: óir creidimíd go ḃfuil coinsias glan againn, agus a ḟonn orainn maireaċtain go cneasta ar gaċ sliġe. 19 Agus is móide impiḋim oraiḃ é seo do ḋéanaṁ, gur luaiṫe‐de ġeoḃas siḃ ar ais mé ’n‐ḃur measc. 20 Anois, Dia na síoṫċána ṫug aoḋaire mór na gcaoraċ ar ais ó na marḃaiḃ tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorraiḋe, 21 go ḃfoirḃiḋ sé ins gaċ deaġ‐ġníoṁ siḃ, ċum a ṫoil do ḋéanaṁ, ag oibriú ionnainn a ḃfuil taiṫneaṁaċ ’n‐a ḟiaḋnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen. 22 Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, glacaḋ le briaṫar an spreagṫa so uaim: óir níor scríoḃas aċt go h‐aiṫġearr ċugaiḃ. 23 Bíoḋ a ḟios agaiḃ gur scaoileaḋ saor ár mbráṫair Timóteus; má ṫagann sé go luaṫ, ċifead mar aon leisean siḃ. 24 Beannuiġiḋ d’ḃur dtreoruiġṫiḃ uile, agus do na naoṁaiḃ go léir. Beannuiġeann bráiṫre na hIodáile ḋaoiḃ. 25 Grása go raiḃ liḃ go léir. Amen. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society