Neaḃruiḋeaċ 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois is é is creideaṁ ann, ḃeiṫ dearḃṫa de na neiṫiḃ go ḃfuiltear ag súil leo, ḃeiṫ cinnte fá neiṫiḃ naċ ḃfeictear. 2 Óir is d’á ḃárr fuair ár sinnsir deaġ‐ṫeist. 3 Is tré ċreideaṁ ṫuigmíd gur cumaḋ an doṁan tré ḃriaṫar Dé, ar ṁoḋ naċ de neiṫiḃ so‐ḟeicseanaċa do rinneaḋ na neiṫe doċítear. 4 Is tré ċreideaṁ d’ofráil Aibial do Ḋia íoḋbairt dob’ ḟearr ’ná íoḋbairt Ċáin; agus d’á ḃárr sin fuair sé an teist gurḃ ḟíréan é, Dia ag glacaḋ le n‐a ṫíoḋlaicṫiḃ: agus d’á ḃárr sin laḃrann sé fós, agus é marḃ. 5 Is tré ċreideaṁ do h‐aistriġeaḋ Énoċ ċum naċ ḃfeicfeaḋ sé an bás: agus ní raiḃ sé le fáġáil; toisc gur aistriġ Dia é: óir sarar h‐aistriġeaḋ é fuair sé an teist gur ṫaiṫin sé le Dia: 6 agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é. 7 Tré ċreideaṁ Naoi, iar ḃfáġáil raḃaiḋ ó Ḋia i dtaoḃ na neiṫe naċ raiḃ fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramaċt do ċuir sé áirc i gcóir ċum a ṫeaġlaċ féin do ṡáḃáil: agus d’á ḃárr sin do ċionntuiġ sé an saoġal, agus do rinneaḋ oiḋre na fíréantaċta atá tré ċreideaṁ ḋe. 8 Tré ċreideaṁ Abraċam, nuair fuair sé an ġairm, d’uṁluiġ sé agus d’imṫiġ sé amaċ go h‐áit do ḃí le fáġáil aige mar oiḋreaċt ’n‐a ḋiaiḋ sin; agus d’imṫiġ sé amaċ, gan a ḟios aige cá raiḃ a ṫriall. 9 Tré ċreideaṁ ṫáinig sé ċum cóṁnuiġṫe i dtír tarngaire, i ndúṫaiġ nár leis féin, ag cur faoi i bpublaiḃ i n‐éinḟeaċt le Íosóg agus le Iácób, cóṁ‐oiḋrí leis san aon ġeallaṁain aṁáin: 10 óir do ḃí sé ag súil leis an gcaṫair go ḃfuil bun daingean fúiṫi, gur ab é Dia a h‐árd‐ṡaor agus a foirgniġṫeoir. 11 Tré ċreideaṁ fuair Sára féin cumas ċum slioċt do ġaḃáil i mbroinn, i n‐aiṁḋeoin go raiḃ sí ṫar aois, de ḃriġ gur ṁeas sí an té ṫug an ġeallaṁain ḃeiṫ fírinneaċ, 12 agus ṫárla go rugaḋ ó ḟear aṁáin, agus é ionann agus marḃ, slioċt do ḃí ċóṁ líonṁar le réaltaiḃ na spéire, agus le gaineaṁ na tráġa atá de ċois na fairrge, slioċt do‐áirṁṫe. 13 Fuaradar‐san uile bás san gcreideaṁ, gan a raiḃ geallta ḋóiḃ d’ḟáġáil, aċt do ċonnacadar i ḃfad uaṫa iad, agus d’ḟáiltiġeadar rómpa, g‐á adṁáil go raḃadar ’n‐a gcoigríoċaċaiḃ agus ’n‐a n‐oiliṫriḃ ar an saoġal. 14 Óir na daoine adeir neiṫe d’á leiṫéidiḃ sin, cuireann siad i dtuigsin gur ar lorg dúṫaiġe leo féin atáid. 15 Agus dá mbéidís ag cuiṁneaṁ ar an dúṫaiġ as ar imṫiġeadar, do‐ġeoḃáidís faill ar ḋul ar ais cúiċi. 16 Aċt anois cuireann siad dúil i ndúṫaiġ atá níos fearr ’ná í, dúṫaiġ neaṁḋa: uime sin ní nár le Dia go nglaoḋfaiḋe a nDia‐san mar ainm air: óir atá caṫair curṫa aige i n‐áiriṫe ḋóiḃ. 17 Tré ċreideaṁ Abraċam, nuair rinne Dia froṁaḋ air, d’íoḋbair sé Íosóg; an té fuair a raiḃ geallta, do ḃí sé ag íoḋbairt a aon‐ġeine; 18 go nduḃraḋ ’n‐a ṫaoḃ, is i nÍosóg ainmneoċar slioċt duit: 19 óir do ṁeas sé go ḃfuil ar ċumas Dé na mairḃ féin do ṫógáil suas; agus i ḃfáiṫ‐scéal, fuair sé ar ais ó na marḃaiḃ é. 20 Tré ċreideaṁ do ḃeannuiġ Íosóg Iácób agus Ésau i dtaoḃ neiṫe do ḃí le teaċt. 21 Tré ċreideaṁ Iácób, ag fáġáil ḃáis dó, do ḃeannuiġ sé beirt ċlann‐ṁac Ṡeosaiṁ; agus do rinne sé aḋraḋ, ag cromaḋ ar ḃárr a ḃata. 22 Tré ċreideaṁ Seosaṁ, ag saoṫrú an ḃáis dó, do luaiḋ sé imṫeaċt clainne Israel; agus ṫug sé órdú i dtaoḃ a ċnáṁ. 23 Tré ċreideaṁ, nuair rugaḋ Maois, do ċuir a aṫair agus a ṁáṫair i ḃfolaċ é ar feaḋ ráiṫe, toisc go ḃfacadar gur leanḃ breaġ é; agus ní raiḃ eagla orṫa roiṁ órdú an ríoġ. 24 Tré ċreideaṁ Maois, nuair d’éiriġ sé mór, do ḋiúltuiġ sé a ainmniú mar ṁac inġine Farao; 25 g‐á ṫaḃairt de roġa anró d’ḟulang i n‐éinḟeaċt le pobal Dé, ’ná pléisiúr do ḃaint as an bpeacaḋ ar feaḋ tamaill; 26 g‐á ṁeas gur mó dob’ ḟearr masla Ċríost mar ṡaiḋḃreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do ḃí sé ag súil leis an luaċ saoṫair. 27 Tré ċreideaṁ d’ḟág sé an Éigipt ’n‐a ḋiaiḋ, gan eagla air roiṁ ḋíḃeirg an ríoġ: óir do ṡeasuiġ sé go tréan, mar ḃéaḋ a ṡúil ar an té naċ ḃfeicṫear. 28 Tré ċreideaṁ do ḃunuiġ sé an Ċáisc, agus croiṫeaḋ na fola, ċum naċ leagfaḋ scriosaire na gcéid‐ġein láṁ orṫa. 29 Tré ċreideaṁ do ċuadar treasna na Mara Ruaiḋe, mar ḃéaḋ ar ṫalaṁ tirim: aċt gur báḋaḋ na hÉigiptiġ innti, agus iad ag taḃairt iarraċta faoi. 30 Tré ċreideaṁ do ṫuit ballaí Ieriċó ar lár, tar a éis dóiḃ ḃeiṫ d’á dtimċeallaḋ ar feaḋ seaċt lá. 31 Tré ċreideaṁ níor scriosaḋ Raċab méirdreaċ i n‐éinḟeaċt leis na daoiniḃ do ḃí easuṁal, ó d’ḟáiltiġ sí go síoṫċánta roiṁ na spíodóiriḃ. 32 Agus créad eile adéarfainn? Óir ní ḃéaḋ sé d’uain agam laḃairt fá Ġedeon, fá Ṡampson, fá Iefté, fá Ḋáiḃí, fá Ṡamuel agus fá na fáiḋiḃ: 33 daoine do ċlaoiḋ ríoġaċta tré ċreideaṁ, do rinne an ceart, fuair na geallaṁnaċa, do ḋún béal na leoṁan, 34 do ṁúċ neart teineaḋ, d’éaluiġ slán ó ḃéal claiḋiṁ, d’éiriġ bríoġṁar as lár a laige, d’éiriġ croḋa i gcaṫ, do ċuir an ruaig ar ṡluaiġtiḃ na n‐eaċtrann. 35 Fuair mná a mairḃ ar ais tré aiséirġe: agus do ḃí cuid eile do ciapaḋ, ag diúltú do’n tsliġe éalóiḋ; ċum go ḃfaiġdís aiséirġe dob’ ḟearr: 36 do fróṁaḋ cuid eile aca le magaḋ agus le sciúrseaḋ, le cuiḃreaċaiḃ agus le príosún: 37 do gaḃaḋ de ċloċaiḃ orṫa, do gearraḋ ó ċéile iad le tuireasc, do cuireaḋ caṫuiġṫe orṫa, do marḃaḋ iad le faoḃar claiḋiṁ: d’imṫiġeadar le fán an tsaoġail, agus croicne caoraċ agus croicne gaḃar umpa: ḃíodar beo‐ḃoċt, fá anró agus fá ċráḋ (daoine nárḃ fiú an saoġal iad), 38 ag dul ar seaċrán i ḃfásaiġiḃ, agus ar ṡléiḃtiḃ, i bpluaisiḃ, agus i bpolltaiḃ fá’n talaṁ. 39 Agus fuaradar‐san uile deaġ‐ṫeist de ḃárr a gcreidiṁ, aċt ní ḟuaradar an ġeallaṁain: 40 óir do ḃí niḋ dob’ ḟearr curṫa i n‐áiriṫe ag Dia ḋúinne, ċum naċ ḃfoirḃfiḋe iad gan sinne ḃeiṫ leo. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society