Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Neaḃruiḋeaċ 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Is iomḋa moḋ agus sliġe ’n‐ar laḃair Dia fad ó le n‐ár sinnsearaiḃ tré na fáiḋiḃ,

2 aċt do laḃair sé linne ins na laeṫaiḃ deireannaċa so tré n‐a Ṁac, do ċinn sé mar oiḋre ar a ḃfuil ann, tré n‐ar ċruṫuiġ sé an doṁan, leis.

3 Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;

4 agus d’á ḃriġ sin is mó a ġradam‐san ’ná gradam na n‐aingeal, óir fuair sé ainm mar oiḋreaċt is mó ’ná a n‐ainm‐sean.

5 Óir cia aca de na h‐aingliḃ go nduḃairt sé ariaṁ leis, Is tusa mo Ṁac, Indiu do ġeineas ṫú? agus arís, Béiḋead‐sa im’ Aṫair dó, Agus béiḋ seisean ’n‐a Ṁac dom?

6 Agus arís, nuair do‐ḃeir sé a ċéid‐ġein isteaċ san tsaoġal adeir sé, Agus déanaḋ aingle uile Dé aḋraḋ ḋó.

7 Agus i dtaoḃ na n‐aingeal adeir sé, An té do‐ġní gaoṫa d’á aingliḃ, Agus lasair teineaḋ d’á ṫeaċtairiḃ.

8 Aċt do’n Mac adeir sé, Atá do riġ‐ċaṫaoir‐se, ann a Ḋia, go saoġal na saoġal, Agus slat an ċoṫruim is eaḋ slat ríoġa do ríoġaċta.

9 Do ġráḋuiġis an ḟíréantaċt, agus d’ḟuaṫuiġis an aindliġe; Uime sin d’ung Dia, do Ḋia‐sa, ṫú Le h‐ola an ġáirdeaċais os cionn do ċompánaċ.

10 Agus, Is tusa, a Ṫiġearna, i dtosaċ do leag bun an doṁain, Agus is iad na spéarṫa oibreaċa do láṁ:

11 Raċaid‐sean i n‐éag; aċt fanann tusa ann i gcóṁnaiḋe: Agus raċaid i meaṫ aṁail éadaċ;

12 Agus fillfiḋ tú le ċéile iad aṁail falaing Aṁail brat, agus aṫróċar iad: Aċt fanann tusa gan aṫrú, Agus ní ṫiocfaiḋ críoċ ar do ḃliaḋantaiḃ.

13 Aċt cia aca de na h‐aingliḃ go nduḃairt sé ariaṁ leis, Suiḋ‐se ar mo ḋeas‐láiṁ, Nó go ndéanad stól ded’ náiṁdiḃ fad’ ċosaiḃ?

14 Naċ spioraidí freastail iad go léir, atá curṫa amaċ ċum frioṫálṁa orṫa‐san go ḃfuil an slánuġaḋ i ndán dóiḃ mar oiḋreaċt?

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan