Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá ’n‐a seasaṁ annso, agus ní ḃlaisfid‐sean an bás nó go ḃfeicid ríoġaċt Dé ag teaċt i gcuṁaċt.

2 Agus i gceann sé lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do ṫreoruiġ sé iad ’n‐a n‐aonar fá leiṫ suas ar ṡliaḃ árd: agus do h‐aṫruiġeaḋ a ġné ’n‐a ḃfiaḋnaise:

3 agus d’éiriġ a éadaiġe an‐lonnraċ, an‐ġeal; ar ċuma naċ ḃféadfaḋ aon úcaire ar talaṁ a ngealaḋ.

4 Agus do taiḋḃriġeaḋ ḋóiḃ Élias i n‐éinḟeaċt le Maois: agus iad ag cóṁráḋ le h‐Íosa.

5 Agus aduḃairt Peadar le h‐Íosa, A Ṁáiġistir, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ annso: leig dúinn trí boṫa do ḋéanaṁ, boṫ ḋuit‐se, agus boṫ do Ṁaois, agus boṫ d’Élias.

6 Óir ní raiḃ a ḟios aige créad adéarfaḋ sé: mar do ḃí criṫ‐eagla ṁór orṫa.

7 Agus ṫáinig scamall ’n‐a dtimċeall do ċlúduiġ iad: agus ṫáinig an guṫ as an scamall aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain: éistiḋ leis.

8 Agus ag féaċain go h‐obann dóiḃ ’n‐a dtimċeall, ní raiḃ aon duine le feicsin aċt Íosa aṁáin ’n‐a ḃfoċair féin.

9 Agus ag teaċt anuas dóiḃ ó’n sliaḃ, ṫug sé foláireaṁ ḋóiḃ gan a innsin d’aon duine i dtaoḃ a ḃfacadar, nó go n‐aiséiriġeaḋ Mac an Duine ó na marḃaiḃ.

10 Agus do ċoiṁéadadar an focal sin aca féin, ’g‐a ḟiafraiġe d’á ċéile, Cad é an ċiall atá leis sin, aiséirġe ó na marḃaiḃ?

11 Agus do ċuireadar ceist air, agus aduḃradar, Cad ċuige a n‐abrann na scríoḃaiḋṫe go gcaiṫfiḋ Élias teaċt ar dtús?

12 Agus aduḃairt sé leo, Tig Élias ar dtús go deiṁin, agus aṫnuaḋann sé gaċ uile niḋ: agus cionnas atá scríoḃṫa i dtaoḃ Ṁic an Duine, go gcaiṫfiḋ sé mórán d’ḟulang agus ḃeiṫ fá ṫarcuisne?

13 Aċt adeirim‐se liḃ go dtáinig Élias ċeana féin, agus go ndearnadar dó an rud ba ṫoil leo, mar atá scríoḃṫa na ṫaoḃ.

14 Agus nuair ṫángadar ċum na ndeisceabal, do ċonncadar sluaġ mór ’n‐a dtimċeall, agus na scríoḃaiḋṫe ag diospóireaċt leo.

15 Agus ar an láṫair, nuair do ċonnaic an sluaġ é, ṫáinig iongnaḋ agus uaṫḃás orṫa uile, agus do riṫeadar ċuige agus d’ḟáiltiġeadar roiṁe.

16 Agus d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ, Créad í an ċeist atá d’á pléiḋe agaiḃ leo‐san?

17 Agus d’ḟreagair duine de’n tsluaġ, agus aduḃairt, A Ṁáiġistir, ṫugas‐sa ċugat mo ṁac ’n‐a ḃfuil spioraid ḃalḃ;

18 agus cibé ball ’n‐a mbeireann sí é, buaileann sí ar lár é: agus cuireann seisean cuḃar as a ḃéal, agus do‐ġní sé gíoscán le n‐a ḟiaclaiḃ, agus atá sé ag cnaoi: agus do laḃras led’ ḋéisceablaiḃ ’g‐a iarraiḋ orṫa a díbirt amaċ as; agus níor ḟéadadar‐san a ḋéanaṁ.

19 Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, A ṡlioċt gan ċreideaṁ, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ? cá ḟad ḟuilingeoċas mé liḃ? taḃraiḋ ċugam‐sa é.

20 Agus ṫugadar ċuige é: agus nuair do ċonnaic an spioraid é, ar an láṫair do réab sí é go millteaċ, agus do ṫuit sé ar an talaṁ, agus é ag ionfairt, agus cuḃar ar a ḃéal.

21 Agus d’ḟiafruiġ Íosa de’n aṫair, An fada ḋó sa rioċt so? Agus aduḃairt seisean, Ó ḃí sé ’n‐a leanḃ.

22 Agus is minic do ċaiṫ sí san teiniḋ é agus san uisce, le n‐a ṁilleaḋ: aċt má’s féidir leat‐sa é, déan trócaire orainn, agus fóir orainn.

23 Agus aduḃairt Íosa leis, Má’s féidir leat! Is féidir gaċ uile niḋ do’n té ċreideas.

24 Agus ar an láṫair do ġlaoḋ aṫair an ḃuaċalla, agus aduḃairt, Creidim‐se; fóir‐se ar m’easbaiḋ creidiṁ.

25 Agus nuair do ċonnaic Íosa go raiḃ sluaġ mór daoine ag riṫ ċuige, do smaċtuiġ sé an spioraid neaṁ‐ġlan, ’g‐a ráḋ leis, A spioraid ḃalḃ, ḃoḋar, órduiġim‐se ḋuit, tar amaċ as, agus ná téiġir isteaċ ann arís.

26 Agus ag screadaiġ, agus ’g‐a ṡracaḋ ḋí go millteaċ, ṫáinig sí amaċ as: agus do ḃí an leanḃ mar do ḃéaḋ corp: i dtreo go nduḃairt an ċuid ba ṁó aca, Atá sé marḃ.

27 Aċt do rug Íosa ar láiṁ air, agus do ṫóg sé suas é; agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ.

28 Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa tiġ, d’ḟiafruiġ a ḋeisceabail de, fá rún, Cad ċuige nár ḟéadamar‐ne an spioraid úd do ḋíbirt as?

29 Agus aduḃairt sé leo, Ní féidir a leiṫéid‐siúd do ḋíbirt aċt le h‐urnaiġe agus le troscaḋ.

30 Agus d’imṫiġeadar ó’n áit sin, agus do ċuadar tríd an nGaililé; agus níorḃ áil leis a ḟios do ḃeiṫ ag aoinneaċ.

31 Óir do ḃí sé ag teagasc a ḋeisceabal, agus ’g‐a ráḋ leo, Atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ na ndaoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃṫa, éireoċaiḋ sé an treas lá.

32 Aċt níor ṫuigeadar briġ na cainnte seo, agus do ḃí eagla orṫa a ċeistiú.

33 Agus ṫáinig sé go Cafarnaúm: agus nuair do ḃí sé sa tiġ, d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ, Créad í an ċonspóid do ḃí eadraiḃ ar an sliġ?

34 Aċt d’ḟanadar ’n‐a dtost: óir do ḃíodar ag diospóireaċt ar an sliġe ’n‐a ṫaoḃ so, Cia aca ḋíoḃ ba ṁó.

35 Agus do ṡuiḋ sé, agus do ġlaoḋ sé an dá‐réag ċuige; agus aduḃairt sé leo, Aon duine lé’r mian ḃeiṫ i dtosaċ, is eisean ḃéas ar deireaḋ ar fad, agus ḃéas ’n‐a ṡeirḃíseaċ ag cáċ.

36 Agus do rug sé ar leanḃ beag, agus do ċuir sé ’n‐a lár é: agus do ṫóg sé ’n‐a uċt é, agus aduḃairt sé leo,

37 Cibé duine ġlacfas ċuige im’ ainm‐se leanḃ d’á leiṫéid seo, is mise ġlacas sé ċuige, agus cibé duine ġlacas mise ċuige, ní mise ġlacas sé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé.

38 Aduḃairt Eoin leis, A Ṁáiġistir, do ċonnacamar duine ag cur deaṁan amaċ id’ ainm‐se, agus do ċoisceamar é, de ḃriġ naċ leanann sé sinne.

39 Aċt aduḃairt Íosa, Ná coisciḋ é: óir ní ḟuil aon duine do‐ġéanas míorḃail im’ ainm‐se, agus ḟéadfas olc do laḃairt orm ’n‐a ḋiaiḋ sin.

40 Óir cibé duine naċ ḃfuil ’n‐ár gcoinniḃ atá sé linn.

41 Agus cibé duine ḃéarfas cupán uisce le n’ól daoiḃ im’ ainm‐se, de ḃriġ gur daoine le Críost siḃ, adeirim liḃ go fírinneaċ, naċ gcaillfiḋ sé a luaċ‐saoṫair.

42 Agus cibé duine ḃéarfas aḋḃar scannail d’aoinneaċ de na daoiniḃ beaga so ċreideas ionnam, do b’ḟearr dó go gcroċfaiḋe cloċ muilinn ar a ṁuineál, agus go gcaiṫfiḋe é sa ḃfairrge.

43 Agus má ḃíonn do láṁ ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ ar leaṫ‐láiṁ, ’ná an dá láiṁ do ḃeiṫ agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teiniḋ naċ múċtar.

45 Agus má ḃíonn do ċos ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr díot í: is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ, agus tú id’ ḃacaċ, ’ná an dá ċois do ḃeit agat agus go gcaiṫfiḋe ṫú i n‐ifreann.

47 Agus má ḃíonn do ṡúil ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í: is fearr duit dul isteaċ i ríoġaċt Dé ar leaṫṡúil, ’ná an dá ṡúil do ḃeiṫ agat agus go gcaiṫfiḋe ṫú i n‐ifreann:

48 an áit naċ n‐éagann a gcnuiṁ, agus naċ múċtar an teine.

49 Óir saillfear gaċ uile ḋuine le teiniḋ.

50 Is maiṫ an niḋ salann: aċt má ḃíonn an salann gan ḃlas, cad leis an ndéanfaiḋ siḃ deaġ‐ḃlasta é. Bíoḋ salann ionnaiḃ féin agaiḃ agus bíoḋ síoṫċáin eadraiḃ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan