Marcus 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do ċruinniġ na Fairisíniġ ċuige, agus cuid de na scríoḃaiḋṫiḃ ṫáinig ó Iarúsalem, 2 agus ṫugadar fá deara cuid d’á ḋeisceablaiḃ ag iṫe aráin agus a láṁa truailliġṫe, is é sin, gan ionnlaḋ. 3 Óir ní iṫeann na Fairisíniġ ná na h‐Iúdaiġ i gcoitċinne, biaḋ, gan a láṁa d’ionnlaḋ go minic, ag cleaċtaḋ sean‐ġnás na seanóir: 4 agus ar ṫeaċt ó’n margaḋ ḋóiḃ, ní iṫeann siad, gan iad féin d’ionnlaḋ: agus is iomḋa sean‐ġnás eile tugaḋ ḋóiḃ le cleaċtaḋ, mar atá, na cupáin, agus na soiġṫiġ uṁa, agus na leapṫaċa do niġe. 5 Agus d’ḟiafruiġ na Fairisíniġ agus na scríoḃaiḋṫe ḋé, Cad ċuige naċ ngéilleann do ḋeisceabail‐se do ṡean‐ġnásaiḃ na seanóir, aċt go n‐iṫid arán le láṁaiḃ truailliġṫe? 6 Agus aduḃairt sé leo, Is maiṫ do rinne Ésáias tarngaireaċt i n‐ḃúr dtaoḃ, mar atá scríoḃṫa, Onóruiġeann an pobal so mé le n‐a mbéal, Aċt is fada uaim atá a gcroiḋe: 7 Aċt is baoṫ an t aḋraḋ do‐ḃeirid dom, Agus aiṫeanta daoine ’g‐a múineaḋ aca mar ṫeagasc. 8 Tréigeann siḃ aiṫne Dé, agus cleaċtann siḃ sean‐ġnáis daoine. 9 Agus aduḃairt sé leo, Is breáġ mar ċuireann siḃ aiṫne Dé ar neaṁ‐niḋ, ċum ḃúr sean‐ġnáis féin do ċleaċtaḋ. 10 Óir aduḃairt Maois, Taḃair onóir dod’ aṫair agus dod’ ṁáṫair; agus, An té ṁasluiġeas a aṫair nó a ṁáṫair, curtar ċum báis é: 11 aċt is é adeir siḃ‐se, Má deir duine le n‐a aṫair nó le n‐a ṁáṫair, Niḋ ar biṫ dem’ ṁaoin do raċaḋ i dtairḃe ḋuit‐se, is Corbán é, is é sin, is íoḋbairt do Ḋia é; 12 annsin ní leigeann siḃ ḋó a ṫuilleaḋ do ḋéanaṁ d’á aṫair ná d’á ṁáṫair; 13 ag cur briaṫair Dé ar neaṁ‐niḋ leis na sean‐ġnásaiḃ úd atá curṫa ar bun agaiḃ; agus is iomḋa niḋ eile d’á leiṫéid sin do‐ġní siḃ. 14 Agus do ġlaoḋ sé na daoine ċuige arís, agus aduḃairt sé leo, Éistiḋ uile liom‐sa, agus tuigiḋ: 15 Ní ḟuil niḋ ar biṫ ar an taoḃ amuiġ de’n duine, ṫéiġeas isteaċ ann, ḟéadas a ṡalú: aċt na neiṫe ṫig amaċ as an duine, is iad sin na neiṫe ṡaluiġeas an duine. 16 Má atá cluasa ċum éisteaċta ag aoinneaċ, éisteaḋ sé. 17 Agus nuair do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ ó’n sluaġ, do ċuir a ḋeisceabail ceist air i dtaoḃ na saṁlaoide, 18 Agus aduḃairt sé leo, An ḃfuil siḃ‐se, leis, gan tuigsin, mar sin? Naċ dtuigeann siḃ, cibé niḋ ṫéiġeas isteaċ sa duine ó’n taoḃ amuiġ, naċ ḃféadann sé a ṡalú; 19 mar naċ dtéid sé isteaċ ’n‐a ċroiḋe, aċt ’n‐a ḃolg, agus téid sé amaċ sa gcamra? ’g‐a ċur i gcéill gur glan an uile ṡórt biḋ. 20 Agus aduḃairt sé, An niḋ ṫéiġeas amaċ as an duine, is é sin ṡaluiġeas an duine. 21 Óir is ó’n taoḃ istiġ, amaċ as croiḋe an duine, ṫig droċ‐smaointe, agus striapaċas, agus goid, agus dúnṁarḃaḋ, 22 agus aḋaltrannas, agus sainnt, agus cuirpṫeaċt, agus cealg, agus ainṁian, agus droċ‐ṡúil, agus dia‐ṁaslaḋ, agus uaḃar, agus baois: 23 ó’n taoḃ istiġ ṫig na h‐uilc seo uile, agus is iad sin ṡaluiġeas an duine. 24 Agus d’éiriġ sé, agus d’imṫiġ sé go críoċaiḃ Tuire agus Sídóine. Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ, agus ba ṁian leis gan a ḟios do ḃeiṫ ag aoinneaċ: aċt níor ḟéad sé é féin do ċeilt. 25 Aċt ar an láṫair, ṫáinig bean go raiḃ spioraid neaṁ‐ġlan ’n‐a h‐inġin ḃig, nuair do‐ċuala sí ’n‐a ṫaoḃ, ṫáinig sí ċuige, agus do ċaiṫ sí í féin ag a ċosaiḃ. 26 Bean Ġréagaċ, ab eaḋ í, Sírofoiníseaċ de réir cinéil. Agus do ċuir sí d’aṫċuinġe air an deaṁan do ḋibirt as a h‐inġin. 27 Agus aduḃairt sé léi, Bíoḋ a ndóṫain ag an gclainn i dtosaċ: óir ni cuiḃe arán na clainne do ġlacaḋ, agus a ċaiṫeaṁ ċum na gcoileán. 28 Aċt d’ḟreagair sise agus aduḃairt sí leis, Is fíor sin, a Ṫiġearna, aċt ċeana, na coileáin féin ḃíos fá’n mbórd, itid‐sean sprúilleaċ na leanḃ. 29 Agus aduḃairt sé léi, Ar son na cainnte seo, imṫiġ leat: atá an deaṁan imṫiġṫe as t’inġin. 30 Agus do ċuaiḋ sí aḃaile ċum a tiġe, agus fuair sí an leanḃ ’n‐a luiġe ar an leabaiḋ, agus an deaṁan imṫiġṫe aisti. 31 Agus d’ḟill sé arís ó ċríoċaiḃ Tuire, agus ṫáinig sé tré Ṡídóin go muir Ġalilé, tré lár ceanntair an Decapolis. 32 Agus ṫugadar ċuige duine do ḃí boḋar, balḃ; agus d’impiḋeadar air a láṁ do ċur air. 33 Agus ṫug sé leis i leaṫtaoiḃ é ó’n sluaġ, agus do ċuir sé a ṁéireanna isteaċ ’n‐a ċluasaiḃ, agus do ċaiṫ sé seile, agus d’ḟliuċ sé a ṫeanga; 34 agus ag féaċain suas ar neaṁ ḋó, do leig sé osna as, agus aduḃairt sé leis, Effatá, is é sin, Foscailtear ṫú. 35 Agus ar an láṫair do fosclaḋ a ċluasa, agus do luascaḋ a ṫeanga, agus do laḃair sé go cruinn. 36 Agus d’órduiġ sé ḋóiḃ gan a innsint d’aoinneaċ: aċt ní ḟuil d’á ṁéid d’órduiġ sé ḋóiḃ é, naċ aṁlaiḋ ba ṁó d’ḟógruiġeadar é. 37 Agus do ḃí iongnaḋ an‐ṁór orṫa, agus aduḃradar, Do‐rinne sé gaċ uile niḋ go maiṫ: do‐ḃeir sé éisteaċt do ḃoḋránaiḃ, agus cainnt do ḃalḃánaiḃ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society