Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus d’imṫiġ sé as an áit sin; agus ṫáinig sé isteaċ ’n‐a ḋúṫaiġ féin; agus do lean a ḋeisceabail é.

2 Agus nuair ṫáinig an tsabóid, do ṫosnuiġ sé ar ṫeagasc do ḋeanaṁ sa tsionagóig: agus ṫáinig iongnaḋ ar a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugaḋ do’n ḟear so, agus a ráḋ go ndéantar a leiṫéide d’oibreaċaiḃ móra tré n‐a láṁaiḃ?

3 Naċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, dearḃráṫair Ṡéamais, agus Ṡeosaiṁ, agus Iúdáis, agus Ṡíomóin? agus naċ ḃfuil a ḋeirḃṡeaṫraċa annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.

4 Agus aduḃairt Íosa leo, Ní ḃíonn fáiḋ gan onóir, aċt ’n‐a ḋúṫaiġ féin, agus i measc a ġaolta féin, agus ’n‐a ṫeaġlaċ féin.

5 Agus níor ḟéad sé aon obair ċuṁaċtaċ do ḋéanaṁ ins an áit sin, aċt aṁáin a láṁa do ċur ar roinnt daoine breoite, agus iad do leiġeas.

6 Agus ba ṁór ba iongnaḋ leis a n‐uireasḃaiḋ creidiṁ. Agus do ċuaiḋ sé ag teagasc ins na bailtiḃ beaga ṫart timċeall.

7 Agus do ġlaoḋ sé ċuige an dá‐réag, agus do ṫosnuiġ sé ar a gcur amaċ ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt; agus ṫug sé ceannas dóiḃ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana;

8 agus d’órduiġ sé ḋóiḃ gan aon rud do ḃreiṫ leo i gcóṁair an ḃóṫair, aċt aṁáin maide; gan arán, gan mála, gan airgead ’n‐a gcrios do ḃeiṫ aca;

9 aċt cuaráin do ḃeiṫ ar a gcosaiḃ, agus gan dá ċasóig do ḃeiṫ umpa.

10 Agus aduḃairt sé leo, Cibé áit ’n‐a raċaiḋ siḃ isteaċ, fanaiḋ ann nó go raiḃ siḃ ag imṫeaċt ó’n áit sin.

11 Agus cibé áit naċ nglacfaiḋ siḃ, agus naċ n‐éistfiḋ liḃ, ag imṫeaċt daoiḃ as an áit sin, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃonnaiḃ ḃúr gcos mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.

12 Agus d’imṫiġeadar‐san, agus d’ḟógradar aiṫriġe do ḋéanaṁ.

13 Agus do ċaiṫeadar mórán deaṁan amaċ, agus do ċuireadar ola ar ṁórán daoine do ḃí breoite, agus do leiġeasadar iad.

14 Agus do‐ċuala Ioruaṫ an rí ’n‐a ṫaoḃ sin; óir do ḃí a ainm d’á luaḋ: agus aduḃairt sé, Atá Eoin Baiste éiriġṫe ó na marḃaiḃ, agus, d’á ḃriġ sin, atá na cuṁaċta so ag oibriú ann.

15 Aċt do ḃí daoine eile aduḃairt, Is é Élias atá ann. Agus aduḃairt daoine eile, Is fáiḋ atá ann, aṁail duine de na fáiḋiḃ.

16 Aċt Ioruaṫ, nuair do‐ċuala seisean ’n‐a ṫaoḃ, aduḃairt sé, Eoin, do ḋí‐ċeannas‐sa, is eisean atá éiriġṫe.

17 Óir do ċuir Ioruaṫ daoine uaiḋ agus do ġaḃ sé Eoin, agus do ċuir sé fá ċeangal i bpríosún é mar ġeall ar Héródias, bean Ṗilib, a ḋearḃráṫair; de ḃriġ gur ṗós sé í.

18 Óir aduḃairt Eoin le h‐Ioruaṫ, Ní dleaġṫaċ ḋuit bean do ḋearḃráṫar do ḃeiṫ mar ṁnaoi agat.

19 Agus do ḃí olc ag Héródias ċuige, agus do ḃí fonn uirṫi a ṁarḃaḋ; agus níor ḟéad sí a ḋéanaṁ;

20 óir do ḃí eagla ar Ioruaṫ roiṁ Eoin, mar do ḃí a ḟios aige gurḃ ḟear fíreanta naoṁṫa é, agus do ċoiṁéad sé slán é. Agus nuair d’éisteaḋ sé leis, do ċuireaḋ sé buaiḋirt aigne air, aċt ċeana d’éistfeaḋ sé leis go fonnṁar.

21 Agus nuair ṫáinig lá oireaṁnaċ ’n‐a raiḃ Ioruaṫ ag déanaṁ fleiḋe lae a ḃeirṫe d’á uaisliḃ, agus do ṫaoiseaċaiḃ airm, agus do ṁaiṫiḃ na Galilé,

22 agus nuair ṫáinig inġean Héródias féin isteaċ, agus do rinne daṁsa, do ċuir sí ríméad ar Ioruaṫ agus orṫa‐san do ḃí ’n‐a suiḋe ag iṫe ’n‐a ḟoċair; agus aduḃairt an rí leis an gcailín, Iarr orm‐sa rud ar biṫ is maiṫ leat, agus do‐ḃéarfad duit é.

23 Agus do ḋearḃuiġ sé ḋí, Rud ar biṫ iarrfas tú orm, do‐ḃéarfad duit é, go leaṫ mo rioġaċta.

24 Agus d’imṫiġ sise amaċ, agus aduḃairt sí le ’n‐a máṫair, Créad iarrfas mé? Agus d’ḟreagair sise, Ceann Eoin Ḃaiste.

25 Agus ṫáinig sí isteaċ ar an láṫair ċum an ríoġ le deiṫneas, agus do‐rinne sí a h‐iarratas, ’g‐a ráḋ, Is é is maiṫ liom go dtiuḃarfá láiṫreaċ ḋom ar ṁéis, ceann Eoin Ḃaiste.

26 Agus do ḃí doilġeas mór ar an riġ; aċt mar ġeall ar a ṁionnaiḃ, agus mar ġeall ar na daoiniḃ do ḃí ’n‐a suiḋe ag iṫe, níor ṁaiṫ leis diúltaḋ ṫaḃairt dí.

27 Agus ar an láṫair do ċuir an rí amaċ saiġdiúir de luċt a ġárda, agus d’órduiġ sé ḋó an ceann ṫaḃairt leis; agus d’imṫiġ seisean agus do ḋí‐ċeann sé sa bpríosún é,

28 agus do ṫóg sé an ceann leis ar ṁéis, agus ṫug sé do’n ċailín é; agus ṫug an cailín d’á máṫair é.

29 Agus nuair do‐ċuala a ḋeisceabail ’n‐a ṫaoḃ, ṫángadar agus do ṫógadar a ċorp, agus do ċuireadar i dtuama é.

30 Agus do ċruinniġ na h‐abstail ċum Íosa; agus d’inniseadar dó gaċ niḋ, a raiḃ déanta aca, agus a raiḃ múinte aca.

31 Agus aduḃairt sé leo, Tagaiḋ‐se i leiṫ go h‐áit uaigniġ agus déanaiḋ suaiṁneas ar feaḋ tamaill. Óir do ḃí a lán daoine ag teaċt agus ag imṫeaċt, agus ní raiḃ sé d’uain aca fiú béile do ċaiṫeaṁ.

32 Agus d’imṫiġeadar i mbád go h‐áit uaigniġ fá leiṫ.

33 Agus do ċonnaic na daoine iad ag imṫeaċt, agus d’aiṫniġ a lán aca iad, agus do riṫeadar d’á gcois amaċ as na bailtiḃ móra uile, agus do ḃíodar ann rómpa.

34 Agus ṫáinig sé amaċ, agus do ċonnaic sé sluaġ an‐ṁór, agus do ġaḃ truaġ ḋóiḃ é, óir do ḃíodar aṁail caoiriġ gan aoḋaire; agus do ṫosnuiġ sé ar a lán neiṫe do ṁúineaḋ ḋóiḃ.

35 Agus nuair do ḃí an lá beagnaċ caiṫte, ṫáinig a ḋeisceabail ċuige agus aduḃradar, Is uaigneaċ an áit é seo, agus atá an ċuid is mó de’n lá caiṫte:

36 cuir uait iad‐san, ċum go raċaiḋ siad isteaċ sa tír agus ins na bailtiḃ beaga ’n‐a aice seo, le rud le n’iṫe do ċeannaċ ḋóiḃ féin.

37 Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, Taḃraiḋ‐se rud le n’iṫe ḋóiḃ. Agus aduḃradar leis, An raċaimíd agus an gceannóċaimíd luaċ ḋá ċéad pinginn d’arán le taḃairt dóiḃ le n’iṫe?

38 Agus aduḃairt sé leo, Cá ṁéid bollóg atá agaiḃ? imṫiġiḋ agus féaċaiḋ. Agus nuair do ḃí a ḟios aca, aduḃradar, Cúig bollóga, agus ḋá iasc.

39 Agus d’órduiġ sé ḋóiḃ iad go léir do ċur ’n‐a suiḋe ’n‐a gcipiḃ ar an ḃféar glas.

40 Agus do ṡuiḋeadar síos ’n‐a rangannaiḃ, ’n‐a gcéadaiḃ, agus ’n‐a gcaogadaiḃ.

41 Agus do ṫóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċain suas ar neaṁ dó, do ḃeannuiġ agus do ḃris sé na bollóga; agus ṫug sé do na deisceablaiḃ iad le cur os cóṁair a raiḃ ann; agus do roinn sé an dá iasc orṫa go léir.

42 Agus d’iṫeadar go léir, agus do ḃí a ndóṫain aca.

43 Agus do ṫógadar lán dá ċiseán déag de ḃroscar an aráin, agus de na h‐iascaiḃ.

44 Agus do ḃí cúig míle fear sa méid d’iṫ an t‐arán.

45 Agus ar an láṫair do ċuir sé d’ḟiaċaiḃ ar a ḋeisceablaiḃ dul isteaċ sa mbád, agus imṫeaċt roiṁe trasna go Bétsáida, fad is do ḃéaḋ sé féin ag cur an tsluaiġ ċum bealaiġ.

46 Agus nuair do ċuir sé slán leo, d’imṫiġ sé suas an cnoc ċum urnaiġe do ḋéanaṁ.

47 Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, do ḃí an bád i lár na fairrge, agus do ḃí sé féin ar an talaṁ ’n‐a aonar.

48 Agus nuair do ċonnaic sé iad ag iomraṁ, agus saoṫar mór orṫa, (óir do ḃí an ġaoṫ ’n‐a gcoinniḃ), ṫáinig sé ċuca i dtimċeall na ceaṫraṁaḋ faire de’n oiḋċe, agus é ag siuḃal ar an ḃfairrge; aṁail mar ḃéaḋ sé ag gaḃáil ṫarsta:

49 aċt nuair do ċonnacadar‐san é ag siuḃal ar an ḃfairrge, do ċeapadar gur ṫaiḋḃse do ḃí ann, agus do ġlaoḋadar amaċ:

50 óir do ċonnacadar uile é, agus do ḃí scannraḋ orṫa. Aċt ar an láṫair do laḃair sé leo, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agaiḃ: mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.

51 Agus do ċuaiḋ sé suas ċuca agus isteaċ sa mbád; agus do stad an ġaoṫ: agus do ḃí iongnaḋ agus uaṫḃás ar a h‐inntinn;

52 óir níor ṫuigeadar i dtaoḃ na mbollóg, aċt do ḃí a gcroiḋe dúr.

53 Agus nuair do ċuadar trasna, ṫángadar ċum tíre i nGennésaret, agus d’ḟeistiġeadar do’n talaṁ.

54 Agus nuair ṫángadar amaċ as an mbád, ar an láṫair do h‐aiṫniġeaḋ é,

55 agus do riṫ na daoine tríd an tír sin ar fad, agus do ṫosnuiġeadar ar na daoiniḃ breoite d’iomċur ar a leapṫaċaiḃ, go dtí gaċ áit ’n‐a gcloisidís é do ḃeiṫ.

56 Agus cibé áit ’n‐a dtéiġeaḋ sé isteaċ, i mbailtiḃ beaga, nó i gcaṫraċaiḃ, nó fá’n tuaiṫ, do ċuiridís na daoine breoite ar na sráidiḃ, agus d’impiḋdís air a leigean dóiḃ fiú cuimilt le h‐imeall a ḃrait: agus an méid do ċuimil leis do leiġeasaḋ iad.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan